Carlos Juan Finlay

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Lia a rugadh i gCamagüey i gCúba ab ea Carlos Juan Finlay (1833-1915). An chéad duine a thairg gurb é an corrmhíol iompróir an fhiabhrais bhuí, i 1881. D'aimsigh sé an speiceas ceart an bhliain dár gcionn. Chruthaigh turgnaimh ina dhiaidh sin go raibh an ceart aige.