Carlo Levi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Carlo Levi
Carlolevi.jpg
Levi sna 1940í
Dáta breithe 29 Samhain 1902
  Torino, An Iodáil
Dáta báis 4 Eanáir 1975
  An Róimh
Náisiúntacht Iodálach
Gairm Ealaíontóir, dochtúir, scríbhneoir

Ealaíontóir, dochtúir agus scríbhneoir Iodálach ab ea Carlo Levi, a tháinig ar an saol i dTorino ar an 29 Samhain 1902 agus a fuair bás sa Róimh ar an 4 Eanáir 1975. Chuala an saol mór iomrá ar an leabhar Cristo si è fermato a Eboli ("Níor tháinig Críost ach go hEboli"), inar phléigh Levi an seal a chaith sé ar díbirt i mbaile beag bocht i nDeisceart na hIodáile, Aliano ("Gagliano" sa leabhar) go gairid roimh an Dara Cogadh Domhanda. Tagairt is ea teideal an leabhair don nath a bhí ag muintir na háite: ní Críostaithe sinn, nó níor tháinig Críost ach go hEboli (an chathair is cóngaraí d'Aliano).

Díbríodh Levi go hAliano, ós Giúdach a bhí ann a ghlac páirt i ngníomhaíocht na gluaiseachta rúnda frith-Fhaisistí. Bhain bochtanas na háite stangadh as, nó níor casadh a leithéid air riamh i dtuaisceart saibhir na tíre, arbh as dó, agus thug sé an-chur síos ar an mbochtanas seo sa leabhar. Nuair a foilsíodh Cristo si è fermato a Eboli, tharraing sé súil a lán daoine i dTuaisceart na hIodáile ar chomh bocht is a bhí deisceart na tíre, agus chomh tábhachtach is a bhí sé caighdeán maireachtála an deiscirt a ardú. Bhí tionchar nach beag ag an leabhar ar pholaitíocht iar-chogaidh na hIodáile, mar sin.

Ní raibh gaol aige le Primo Levi, cé gurbh as Torino dó chomh maith leis an scríbhneoir eile.

Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile