Carl Friedrich Wilhelm Ludwig

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fiseolaí a rugadh i Witzenhausen na Gearmáine ab ea Carl Friedrich Wilhelm Ludwig (1816-1895). Rinne sé taighde ceannródaíoch ar tháil fhaireogacha, d'fhionn an caidéal mearcair fola, agus leis seo léirigh ról na hocsaigine is na ngás eile in imshruthú na fola. D'fhionn sé an cimeagraf i 1847 chun athruithe i mbrú na fola a thaifeadadh ar dhruma deataithe. An chéad duine riamh a choinnigh orgáin ainmhithe beo in vitro (1856).