Carbradóir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Carbradóir

Feiste a bhíonn ina dlúthchuid d'inneall spréachdhócháin. Meascann sé an breosla peitril is aeir ina gcomhchodanna cuí i gcomhair an dócháin. De réir mar a shúnn an t-inneall an meascán peitril/ aeir isteach don chuasán, déanann an carbradóir cinnte de go bhfuil na braoiníní peitril á n-iompar sa sreabh aeir. Galaíonn na braoiníní seo ar an mbealach seo chun meascán an-inlasta a sholáthar don chumhachtbhuille sa chuasán. Tá dearaí éagsúla carbradóra ann, ach den chuid is mó bíonn siad bunaithe ar chomhla snámháin a bhraitheann nuair is gá aer a shú isteach san inneall.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Carbradóir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 117.