Capriccio (pictiúr)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

San ealaín, is pictiúr nó prionta samhailteach é capriccio.[1] San 18ú céad tháirg Canaletto is Giovanni Pannini (1691-1765) tírphictiúir den déanamh seo, go minic le foirgnimh ó áiteanna éagsúla sa phictiúr céanna. Bhí Goya is Tiepolo gafa leis an gcoincheap céanna, agus tháirg eitseálacha fantaiseacha le hábhair anchúinseacha áiféiseacha.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “capriccio” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-07.
  2. Hussey, Matt (2011). "Capriccio". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 115.