Cape May, New Jersey

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCape May, New Jersey

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 38°56′00″N 74°55′17″W / 38.9333°N 74.9214°W / 38.9333; -74.9214
Stát ceannasachStáit Aontaithe Mheiriceá
Stát sna Stáit AontaitheNua-Gheirsí
Contae de chuid Nua-GheirsíContae Cape May Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán2,768 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús370.18 hab./km²
Líon na dteaghlach1,401 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla7.47739 km² Cuir in eagar ar Wikidata
• Uisce12.3459 % Cuir in eagar ar Wikidata
Airde3 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú1611
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist08204 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód609 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáincapemaycity.com Cuir in eagar ar Wikidata

Baile i ndeisceart New Jersey is ea Cape May. Tá sé suite i gContae Cape May ag an áit a dtagann Bá Delaware le chéile leis an Aigéan Atlantach. Is é an áit is faide ó dheas i New Jersey é. Baile saoire é Cape May. Bhí 3,558 duine ina gcónaí ann de réir meastacháin a rinneadh sa bhliain 2013.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí daoine ag caitheamh an tsamhraidh ar an rinn agus ar an oileán ar a bhfuil Cape May suite fiú sular tháinig na chéad Eorpaigh, mar bhíodh sé mar nós ag brainse de na Lenni-Lenape, bundúchasaigh sa chuid sin tíre, cur fúthu ansin le feidhm a bhaint as leoithní anoir an aigéin sna míonna is teo den bhliain [1]

Thosaigh daoine as Philadelphia ag caitheamh a gcuid ama shaoir sa samhradh in Cape May i lár an 18ú haois, rud a fháganns gur áirítear Cape Mar mar an bhaile saoire is sine sna Stáit Aontaithe. Tugadh aitheantas do Cape May mar chathair sa bhliain 1869. Tá an oiread sin foirgnimh shnásta thraidisiúnta in Cape May—tithe i stíl Victeoireach sa chuid is mó—go ndearnadh Sainchomhartha Stairiúil Náisiúnta den bhaile ar fad sa bhliain 1976. Is é Cape May an t-aon chathair iomlán sna Stáit Aontaithe a bhfuil an stádas sin aici.

Geilleagar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá tóir ar Cape May i measc turasóirí go dtí an lá inniu: Is féidir breis is 40,000 cuairteoirí a bheith ann ar laethanta samhraidh. Caitheann a lán daoine as Québec a laethanta saoire in Cape May agus i mbailte saoire eile mar Wildwood in aice leis. Tagann na báid farantóireachta ó Lewes, Delaware, isteach i gcuan Cape May.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Santelli, Robert (2006). "Guide to the Jersey Shore: From Sandy Hook to Cape May". Guilford, Connecticut: Insiders' Guides. OCLC 22509728. 

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]