Caolán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Caolán

Corda láidir a dhéantar as stéig caorach (stéig capaill nó asail, uaireanta). Glantar an stéig, cuirtear ar maos i dtuaslagán alcaile is steirilítear í le gal sulfair. D'úsáidtí é mar théada ar ghléasanna ceoil is le haghaidh uamanna máinliachta (áit a bhfuil snáithíní sintéisithe curtha ina ionad den chuid is mó).[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Caolán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 114.