Calraiméadracht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Calraiméadracht

Tomhas an fhuinnimh a aistrítear i bpróiseas ceimiceach nó fisiciúil ar leith, cosúil leis an bhfuinneamh a ionsúnn solad ar leith óna thimpeallacht nuair a leánn ina leacht, nó an fuinneamh a astaítear nuair a dhóitear ábhar éigin. I gcúrsaí cothaithe baintear úsáid as calraiméadair chun an méid calraí i mbia éigin a thomhas, agus an teas atá astaithe ag duine a thomhas, coibhéiseach le hídiú fuinnimh an duine. Bíonn cuid de na calraiméadair seo mór a dhóthain chun gur féidir le duine maireachtáil ann ar feadh roinnt mhaith laethanta is beatha réasúnta iomlán a bheith aige lena linn, ionas gur féidir ídiú fuinnimh sa ghnáthbheatha a thomhas.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Calraiméadracht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 111.