Califeacht na nAbasach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Califeacht na nAbasach

Ba í Califeacht na nAbasach nó, níos simplí, na hAbasaigh (Araibis: العباسيون / al-'abbāsīyūn), an tríú Califeacht Ioslamach. Cailifí de chuid an ríora Abasach a bhí iontu, agus thóg siad a gcuid phríomhchathair i mBagdad, tar éis na cailifí Umayyadacha a bheith treascartha acu, i ngach áit ach amháin sa réigiún Al Andalus.