Calóga arbhair
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is gránach a itear ar maidin de ghnáth iad calóga arbhair. Doirtear isteach i gcuach iad, doirtear bainne nó iógart anuas orthu agus itear le spúnóg iad. Tá dath buí orthu agus tá siad briosc. Rinne Kelloggs ar dtús iad ag deireadh an naoú aois déag. Déantar as grán buí iad. Itear go forleathan iad mar chuid na maidine. Is féidir torthaí amhail sútha craobh, sútha talún, banana agus araile a ithe leo freisin.