Caisleán na Cnapóige

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Caisleán na Cnapóige

Caisleán de chuid an 15ú haois atá suite i gContae an Chláir in Éirinn is ea Caisleán na Cnapóige. Tógadh é do Sheán Mac Con Mara sa bhliain 1467. Tá athchóiriú nua-aimseartha déanta air agus úsáidtear é sa lá atá inniu ann chun féastaí meánaoiseacha a chur i láthair do thurasóirí.

Stair[athraigh | edit source]

Tógadh an caisleán do Sheán Mac Con Mara, taoiseach Gaelach, fear a chuir bailchríoch ar thógáil Chaisleán Bhun Raite chomh maith tar éis dá athair, Siodha, tús a chur leis an obair. Ba phátrún flaithiúil é Seán de chuid na hEaglaise Caitlicí chomh maith agus d'íoc sé as tógáil Mhainistir Chuinche chomh maith. Cuireadh garastún de chuid Rialtas Shasana i gceannas ar an gcaisleán in aimsir Chromail agus bronnadh tionóntacht na Cnapóige ar Arthur Smith, saighdiúir Cromalach, tar éis do mhuintir Mhic Con Mara tacú leis an rí i rith an chogaidh, ach tugadh an caisleán agus a dtailte ar ais dóibh tar éis do Shéarlas II teacht i gcoróin.

Dhíol Proinsias Mac Con Mara an caisleán le muintir Scott i rith 1800 agus chaith siadsan cuid mhaith airgid ag déanamh athchóiriú air. Cheannaigh Theobold Fitzwalter Butler, 14ú hIarla Dhún Búinne, é sa bhliain 1855 agus lean sé den obair athchóirithe a thosaigh muintir Scott, chomh maith le príomháit chónaithe theaghlach Dhún Búinne a dhéanamh de. Bhíodh Comhairle Contae an Chláir á tionól ansin i rith Chogadh na Saoirse agus d'úsáid An Ginearál Michael Brennan, oifigeach ceannaireachta an cholúin reatha áitiúil, an foirgneamh mar cheanncheathrú i rith na tréimhse céanna.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]