Caisleán Bhaile Shláine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Caisleán Bhaile Shláine
Íomhá
Sonraí
CineálCaisleán agus ionad ceoil
Foirgníocht1785 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinBaile Shláine, Éire
Map
 53°42′34″N 6°33′41″W / 53.70942°N 6.56125°W / 53.70942; -6.56125
Suíomh gréasáin oifigiúilslanecastle.ie

Caisleán Bhaile Sláine lonnaithe i mBaile Shláine i ngleann na Bóinne, Contae na Mí, Éire. Ba é an caisleán teach an teaghlaigh Conyngham ó tógadh é i ndeireadh an 18ú haois, ar thalamh a cheannaigh Brig - ginearál Henry Conyngham, céad i 1703. Eagraíonn sé Féile Shláine ar thalamh an Chaisleáin agus is é a dúirt an Irish Independent sa bhliain 2004 ná: “Is é Sláine an lae inniu an cineál ionaid a aithnítear go hidirnáisiúnta agus ar aird Madonna a mhealladh fiú”. Déanann faichí fána an chaisleáin coire nádúrtha.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Sean-gheata a bhíodh mar phríomh-gheata an Chaisleáin

Tá an caisleán ag breathnú amach ar Abhainn na Bóinne, gan ach cúpla ciliméadar ar an taobh thuas de Bhrú na Bóinne agus an suíomh cáiliúil do Chath na Bóinne. Tógadh Caisleán Bhaile Shláine faoi mar atá sé anois faoi threoir William Burton Conyngham le chéile lena nia Marcas Conyngham a haon. Téann an atógáil siar go 1785 agus is obair le James Gandon, James Wyatt agus Francis Johnston a bhí ann go háirithe. Ba é Francis Johnston an t-ailtire freisin a bhí freagrach as na geataí gotacha ar Chnocán an Mhuilinn, atá lonnaithe soir ón gcaisleán.

Is teaghlach Protastúnach Albanach ó thosach é an teaghlach Conyngham a tháinig go hÉirinn in 1611 le linn Phlandáil Uladh i gContae Dhún na nGall. Leis sin, dheimhnigh an teaghlach smacht ar thailte timpeall sráidbhaile Thamhnach an tSalainn, in aice le Baile Dhún na nGall i ndeisceart Chontae Dhún na nGall. Chomh maith leis sin, d’athraigh Charles Conyngham, ceann an teaghlaigh ag an am, ainm an tsráidbhaile go dtí Mountcharles, ina onóir féin. Bhí an teaghlach i gceannas ar eastát an-mhór freisin in iarthar Dhún na nGall, i gceantar na Rosa go háirithe.

Téann an caidreamh idir na Conyngham ó Albain agus ó Ulaidh agus eastát Shláine i gContae na Mí siar 300 bliain, ón am a thóg an teaghlach an réadmhaoin a bhí ag leanúint Cogadh na Dá Rí sa bhliain 1701. Timpeall an ama sin, bhog an teaghlach a bpríomhtheach sinseartha ó dheas, ó Chontae Dhún na nGall go dtí iarthar Uladh, go Sláine.

Roimhe seo, bhí an caisleán i seilbh Phléamainn, teaghlach Angla-Normannach Caitliceach a sheas iad féin leis an Seacaibíteach i gCogadh an Chomaontais Mhóir agus mar sin tar éis bhua Rí Liam, bhí a réadmhaoin incháilithe le haghaidh coigistiú. Ba é Christopher 17ú Barún Shláine (1669 - 14 Iuíl 1726; chruthaigh an chéad bíocunta Longford leis an mBanríon Anne i 1713) an Pléamannach deireanach a bhí ina thiarna ar Bhaile Shláine. Is é Henry Conyngham úinéir an chaisleáin atá anois ann, a thugann sé é féin mar 8ú Marcas Chonyngham. Is é Alex an mac is sine atá ag Tiarna Conyngham, Iarla Mountcharles (Tamhnach an tSalainn).

Sa 1984, d’fhan U2, banna Éireannach, ag an gcaisleán chun a n-albam The Unforgettable Fire a scríobh agus a thaifeadadh.

Sa 1991, rinne tine sa chaisleán damáiste mór don bhfoirgneamh agus loisceadh an chuid oirthearach go hiomlán, an chuid atá suite aghaidh amach ar Abhainn na Bóinne. Athosclaíodh an caisleán in 2001 tar éis clár athchóirithe a thóg deich mbliana le críochnú. In 2003, fuarthas canóin in Abhainn na Bóinne in aice láimhe a bhí ceangailte leis an gcaisleán.

Ar an taobh thoir de dhiméin an chaisleáin, go díreach idir Abhainn na Bóinne agus séipéal de chuid Eaglais na hÉireann i mBaile Shláine, maireann fothrach díseart Naomh Eirc, séipéal ilstórach ón 15ú haois agus is féidir teacht ar thobar an-sean timpeall cúig chéad méadar siar ó dhíseart Naomh Eirc. I gceann de phríomhthéacsanna miotaseolaíochta na hÉireannach, Cath Maige Tuireadh, déirtear gur bheannaigh an tobar seo an Dia Dian Cecht ionas go bhféadfadh Tuatha dé Danann é a fholcadh ann agus é a leigheas. Deirtear go raibh leigheas ann ar gach cneá daoine seachas dícheannadh. Le teacht na Críostaíochta go hÉirinn agus an polasaí Críostaí maidir le shuíomhanna traidisiúnta págánacha, tugtar tobar Mhuire anois níos minice air.


Ceolchoirmeacha ag Sláine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceolchoirm, U2 ag Sláine, Lúnasa 2001 Grianghraf: Sara Einarsson

Ó 1981, úsáidtear tailte Caisleáin Bhaile Shláine chun ceolchoirmeacha rac a óstáil. Tá spás do 80000 duine ag an gcoire nádúrtha. Sheol iarla Mountcharles, úinéir an chaisleáin, na ceolchoirmeacha.

I measc na dtaibhseoirí a bhí ina bpríomhaíonna ag ceolchoirmeacha Sláine ó 1981 tá; The Rolling Stones, U2, Guns N' Roses, Red Hot Chili Peppers, Queen, David Bowie, Neil Young, Bryan Adams, Bob Dylan, Bruce Springsteen, Robbie Williams, Madonna, R.E.M., Foo Fighters, Celtic Woman and Oasis. Ar an 28 Bealtaine, 2011, bhí Kings Of Leon ina bpríomhaíonna ar ócáid chuimhneacháin an 30ú ceoilchoirm ag Caisleán Bhaile Shláine. Sheinn cúig bhanna tacaíochtaí, mar shampla Thin Lizzy, a bhí ina bpríomhíonnai i sceideal níos luaithe ar an gcéad Fhéile Sláine i 1981.

Scannánaigh Bean Cheilteach a ndara DVD ag caisleán Sláine i mí Lúnasa 2006, darb ainm Bean Cheilteach: turas nua (Celtic Woman; a new journey), agus scannánaigh U2 an DVD U2 Téigh Abhaile: beo ó Chaisleán Sláine (U2 Go Home; live at Slane Castle) i 2001 ach eisíodh an DVD i 2003. Thaifead siad a n-albam freisin i 1984, An tine dodearmhadta (The Unforgettable fire) ann agus bhí siad ina gcónaí ann ar feadh tamaill. Scannánaíodh codanna de scannán faisnéise Madonna Inseoidh mé rún duit (I will tell you a story) ag caisleán Sláine in 2004. Sheinn Bon Jovi ag caisleán Sláine i mí Meithimh 2013. Le déanaí, ar an 8 Meitheamh 2019, d’óstaigh caisleán Sláine 75000 leantóirí miotail trom don bhanna miotail clúiteach Metallica, don chéad uair le deich mbliana ó sheinn siad in Éirinn i 2009.


Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]