Cairde na Cruinne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cónascadh idirnáisiúnta de ghrúpaí brú maidir leis an gcomhshaol é Cairde na Cruinne (Béarla: Friends of the Earth), na grúpaí i ngach tír neamhspleách ar a chéile. Téann siad i mbun feachtais ar ábhair cosúil le fuinneamh sábháilte, athchúrsáil fuíll, báisteach aigéadach, forthéamh an Domhain, cosaint na bhforaoisí trópaiceacha, cosaint bithéagsúlachta, truailliú an uisce is an aeir, truailliú na farraige, agus a lán eile.