Cacabhala

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cacabhala fireann á ghrianú féin ar charraig i bPáirc Náisiúnta Joshua Tree in iarthar na Stát Aontaithe

Ioguán ó Mheiriceá Thuaidh a fhaightear i bhfásaigh charraigeacha is ea an Cacabhala. An cholainn dorcha le heireaball ramhar maol buí, gan chíor ar feadh a dhroma. Itheann sé plandaí. Glacann sé suaimhneas i scáintí sna carraigeacha. Má chuirtear isteach air, is féidir go ndingfidh sé é féin sa scáineadh trína scamhóga a bhorradh.