An Chabrach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Cabrach)

Is bruachbhaile i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath í An Chabrach (Cabra as Béarla).

Tá an ceantar lonnaithe timpeall 5 chiliméadar siar ó thuaidh ó lár na cathrach. Tógadh an chuid is mó de na tithe faoi scéim tithíochta Bhardas Átha Cliath sna 1940í chun daoine a bhogadh ó thionóntáin i lár na cathrach go tithe nua ar imeall an bhaile.