Cabhair imtharraingthe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cabhair imtharraingthe

An luas breise a fhaigheann spásárthach nuair a thrasnaíonn gar do phláinéad. Trí aimsiú cruinn, is féidir an iarmhairt a úsáid chun an spásárthach a luasghéarú agus ruthag nua a bhaint amach nach féidir a dhéanamh leis an mbunlainseáil. Baineadh feidhm as an iarmhairt chun Mariner 10 a chasadh i dtreo Mhearcair, Pioneer 11 a chur i dtreo Satairn, Voyager a shraonadh thar Iúpatar, VEGA a dhíriú go Cóiméad Halley, agus cabhrú le haistir Galileo is Cassini-Huygens go hIúpatar is Satarn agus le haistir Rosetta faoi seach. Leanfaidh sí mar uirlis thábhachtach i dtreorú spásárthach amach anseo.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cabhair imtharraingthe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 102.