Cabhair:Tús a chur le leathanach nua

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Má tá liosta de na hailt is deireanaí ag teastáil uait, féach ar Speisialta:Newpages.

Is féidir le duine ar bith, agus tusa san áireamh, alt a scríobh sa Vicipéid! Ní gá duit ach teideal a scríobh sa bhosca seo thíos, "Cruthaigh alt" a chliceáil, agus dul i mbun oibre:


Ar an Vicipéid Gaeilge is féidir leathanaigh a chruthú agus a chur in eagar gan chuntas úsáideora; ach má logálann tú isteach cuirfear do chuid dréachtaí i leith do chuntas úsáideora, agus folófar do sheoladh IP ar úsáideoirí eile. Mura bhfuil tú logáilte isteach nó mura bhfuil cuntas agat fós, téigh go dtí an leathanach seo.

Nuair a chliceálann tú ar 'Cruthaigh alt', aistrítear thú go dtí leathanach nua chun téacs a chumadh. Tá tábhacht, ar ndóigh, le teideal an leathanaigh, agus b'fhéidir go mbeadh ort beagán ama a chaitheamh lena cheartú. Déan iarracht, mar sin, an teideal a scríobh go cruinn an chéad uair.

B'fhéidir gur mhaith leat dul amach ar ábhar eile:


Is beag dóigh is simplí chun tús a chur le leathanach nua ná teideal éigin a scríobh i do líonléitheoir mar sheoladh leathanaigh. Más mian leat alt a scríobh dar teideal "Holam halam", mar shampla, scríobh é seo i mbosca seoltaí do bhrabhsálaí:

http://ga.wikipedia.org/wiki/Holam_halam

Osclófar leathanach fíorúil a chuirfidh in iúl duit nach bhfuil an t-ainm sin ar aon leathanach fós. Mar sin, cliceáil ar an nasc "athraigh an lch seo" ag barr an leathanaigh, agus beidh tú in ann leathanach nua a chur in eagar ar an bpointe! Bí cruinn agus neamhchlaonta, ar ndóigh.

Prionsabail ginearálta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Den chríonnacht leathanach a thosú le naisc atá ann cheana féin. (Is iad seo na "naisc thaibhsiúla” nó "naisc dhearga" - cinn a rinneadh sa téacs ach nach bhfuil ceangailte d'aon alt fós.) Féach thíos chun níos mó eolais a fháil.
  • Cuimhnigh go gcaithfidh tú an comhthéacs a léiriú le réamhrá gearr. Ná scríobh a leithéid seo: "Ba é an leabhar seo an tríú húrscéal a scríobh sé...," fiú má tháinig tú chuig an leathanach trí nasc le halt faoin úrscéalaí cáiliúil X, ós féidir le daoine eile teacht chuig an leathanach as áiteanna eile. Féach ar Vicipéid:Bunaigh an comhthéacs chun níos mó eolais a fháil.

Tús a chur le leathanach ó nasc atá ann cheana[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chun tús a chur le leathanach, is féidir leat tosú le nasc a cheanglaítear le teideal an leathanaigh nua. Agus tú ag léamh ailt sa Vicipéid, feicfidh tú naisc le leathanaigh nár scríobhadh fós, mar seo: Alt neamhscríofa (ach ná cliceáil ar an nasc samplach seo). Dath dearg atá ar naisc le hailt neamhscríofa (má tá tú logáilte isteach), agus is féidir leat comhartha ceiste a dhéanamh de seo trí na socruithe a úsáid. Roghnaigh an nasc, agus rachfaidh tú chuig leathanach a deir:

Lean tú nasc le leathanach nach bhfuil ann fós.
Chun an leathanach a chruthú, tosaigh ag clóscríobh san bosca anseo thíos:

Scríobh d'alt san athrúbhosca agus cliceáil ar an gcnaipe "Sábháil" ag bun an leathanaigh. (Úsáid an cnaipe "Reamhthaispeáin" más mian leat an leathanach a sheiceáil roimh ré.)

Naisc a dhéanamh le leathanaigh eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Má tá tú ag athrú ailt atá ann cheana, b'fhéidir gur chóir leat alt neamhspleách a nascadh le focal nó le frása éigin; níl le déanamh agat ansin ach an focal a chur idir lúibíní cearnacha dubáilte, [[mar sin]]. Is éard a thugtar air seo "cumas Vicipéide a chur ar alt". Nuair a sábháiltear an alt déantar nasc den fhocal go huathoibríoch ach an t-alt a bheith ann cheana, nó déantar nasc dearg de (mar a pléadh thuas) agus is féidir leat alt a chruthú leis an nasc seo. Sin modh iontach chun ailt nua a chruthú.

Leathanaigh nua a dhéanamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Más mian leat ábhar úrnua a chruthú, ba chóir duit an fhoirm "cuardaigh" (ag bun an leathanaigh seo, mar shampla) a úsáid. Cinntigh nár chruthaigh duine eile leathanach faoin ábhar seo cheana, nó faoi ábhar atá an-chosúil leis.

neamhchríochnaithe