Cabáiste aille

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cabáiste aille

Planda méith ilchraobhach ilbhliantúil a fhásann 30 cm ar airde, dúchasach do chóstaí na hEorpa, na Meánmhara is na Mara Duibhe. Na duilleoga roinnte ina dteascáin chaola líneacha, ciorclach i dtrasghearradh. Na bláthanna scothbhuí in umbail 3-6 cm ar leithead. Uaireanta déantar picil as na duilleoga méithe.

Tugtar ainmneacha eile ar an bplanda áirithe seo, cnámhlus, craobhraic agus lus na gcnámh ina measc.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cabáiste aille". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 102.