CLG Tobar Phádraig

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tobar Phádraig
Béarla: Patrickswell
Bunaithe: 1947
Contae: Luimneach
Roinn: Cathrach
Peil: Sóisear B
Iomáint: Sinsear
Dathanna: Gorm is ór
Páirc: Páirc Antóin Uí Bhriain, Tobar Phádraig, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Tobar Phádraig .

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an club bunaithe sa chuid theas de pharóiste Tobar Phádraig/Baile Brún, 10km siar ó dheas ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór dá imreoirí ó shráidbhaile Tobar Phádraig agus ó na ceantracha tuaithe máguaird ar nós An Fhaiche, Áit Tí Flainn agus An Bheárna Choill. Cé go bhfuil club eile, Baile Brún, ann i bparóiste Tobar Phádraig/Baile Brún, is féidir le gach peileadóir agus iománaí as an bparóiste uile imirt le Tobar Phádraig.

Cluichí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Imrítear peil agus iomáint ach bhí béim an chlub i gcónaí go láidir ar an iomáint óna bhunú. Is é Tobar Phádraig an club iomána is láidre sa chontae le daichead bliain anuas agus ba é an t-aon chlub amháin i Luimneach a raibh foireann sinsear agus idirmheánach aige (chomh maith le foireann sóisear B) go dtí gur thit an dara fhoireann síos go dtí grád sóisear A sa bhliain 2008.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé go raibh an-shuim ag muintir na háite i gcónaí san iomáint, ní raibh aon chlub dá gcuid féin acu roimh an mbliain 1943. D'imir foireann faoin ainm Tobar Phádraig i roinnt comórtaisí iomána le linn blianta na 1890í agus is cosúil gur chláraíodh club faoin ainm sin mar gur ghlacadar páirt i gCraobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh na bliana 1895. Tá cuntas ann chomh maith faoi chuiche a chailleadar i gcoinne Béal Átha Grean i gcomórtas i gCill Mocheallóg i Mí Mhárta na bliana céanna ach níl aon trácht ann faoin gclub ina dhiaidh sin. Le linn blianta tosaigh an 20ú haois, d’imir iománaithe na háite san am sin leis an gclub eile sa pharóiste, Baile Brún, agus le clubanna paróistí eile i ngar don sráidbhaile ar nós Mungairit, Áth Dara agus Craobh Chumhra.

Sa bhliain 1943, deineadh an chéad iarracht ar chlub oifigiúil a bhunú i dTobar Phádraig ach thit sé as a chéile i ndiaidh dhá bhliana. Ach d'éirigh le muíntir na háite ar an dara ócáid agus athbhunaíodh an club atá fós sa lá inniu ann sa bhliain 1947.

Ghnóthaigh Tobar Phádraig a chéad chorn chontae, an Craobh Iomána Sóisear A, sa bhliain 1955 agus ba sa bhliain 1965 a tháinig Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh chuig an gclub don chéad uair i ndiaidh an lámh in uachtar d’fháil ar Naomh Ciarán sa chluiche ceannais. Buadh an chorn arís sa bhliain 1969 agus, i ndiaidh an teideal a chosaint sa bhliain dár gcionn, aithníodh Tobar Phádraig mar rogha na coitianta chun an chraobh a bhuachaint beagnach gach bliain ó shin i leith.

Tobar Phádraig v Clochán, cluiche ceannais Srath-chomórtas Iomána Sóisear B Chathair Luimnigh sa Réabóg ar an 20ú Meitheamh 2009.

Tháinig glún eile chun chinn chun craobhacha na mblianta 1977, ’79, ’82, ’83 agus ’84 a ghabháil leo. Ach b'iad na deich mbliain i ndiaidh an chorn a bhuachaint arís sa bhliain 1987 an tráth ba thorthúla istair Thobar Phádraig. Ní amháin gur bhuadar Craobh Sinsear an Chontae sna blianta 1988, ’90, ’93, ’95, ’96 agus ’97, ach tháinig Craobh Iomána Sinsear Club na Mumhan go dtí an club sna blianta 1988 agus 1990 chomh maith.

Le teacht na Mílaoise, bhí cumhachtaí nua ar nós Átháin, Áth Dara agus Garrdha Uí Spiolláin ag teacht chun chinn in iomáint an chontae ach d’éirigh le Tobar Phádraig an chraobh a bhuachaint arís sna blianta 2000 agus 2003. Tá an teideal buaite acu ar sheacht nuair déag agus tá siad sa dara háit i measc buaiteoirí an choirn.

B’iad blianta na 1960í agus na 1970í ré órga peile Tobar Phádraig nuair a bhuadar Craobh Peile Sóisear A an chontae sna blianta 1964, 1970 agus 1978. Cé gur bhuadar Craobh Peile Sóisear A na Cathrach ar roinnt ócáid le linn blianta na 1990í agus na 2000í, cuireadh suim sa pheil ach amháin nuair ná raibh na hiománaithe fós ar thóir craobh an chontae.

Páirc Imeartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá páirc imeartha an chlub suite i gceartlár shráidbhaile Tobar Phádraig. Ceannaíodh le linn blianta na 1950í í agus tá sí ainmnithe i gcuimhne Antóin Uí Bhriain (Tony O'Brien), an chéad iománaí as Tobar Phádraig ar imir ar fhoireann sinsear an chontae.

Imreoirí Cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc iománaithe cáiliúla an chlub, tá iar-bainisteoir foireann Luimnigh Risteárd Ó Binéid (Richie Bennis) agus Proinsias Ó Nualáin (Frankie Nolan) a bhuaigh bonn Craobh na hÉireann sa bhliain 1973 agus Leonárd Ó hIonrachtaigh (Leonard Enright), Gearóid Ó Ciarba (Gary Kirby), Ciarán Ó Ciardha (Ciarán Carey) agus Brian Ó Muirí (Brian Murray).

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).