CLG Séamus Mac Stiofáin (Cill Chainnigh)
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Béarla: | James Stephens | ||||||||||||||||
| Bunaithe: | 1887 | ||||||||||||||||
| Contae: | Cill Chainnigh | ||||||||||||||||
| Peil: | Sinsear | ||||||||||||||||
| Iomáint: | Sinsear | ||||||||||||||||
| Dathanna: | Dearg agus glas | ||||||||||||||||
| Páirc: | Gort na Learóige, Cill Chainnigh | ||||||||||||||||
|
|||||||||||||||||
Is club Cumann Lúthchleas Gael i bparóiste Naomh Pádraig, i gCathair Cill Chainnigh é CLG Séamas Mac Stiofáin.
Clár ábhair |
[athraigh] Laochra an chumainn
| Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. |
Ó bhunaíodh an cumann sa bhliain 1887, tá ainm an chlub in airde mar cheann de na sár-chumainn iomána na tíre. I measc na laochra an chumainn is mó ná:
- Muintir Uí Lorcáin - Paddy, Phil 'Fan' agus Philly, trí ghlúin a bhain amach craobhacha uile Éirinn.
- Liam "Chunky" Ó 'Briain - ealaíontóir mar thosach agus i lár na páirce.
- Mícheál Ó Crotaigh - tosach den scoth.
- Seosamh Ó hAonasa - lár na páirce agus ina chosantóir.
- Briain Mac Óda - mar imreoir , an chéad bhall den Chumann a bhain amach craobh na hÉireann mar chaptaen agus mar bhainisteoir ag tús na haoise 2000.
- Seán "Jackie" Tyrrell - Imreoir agus captaen ar Chill Chainnigh sa bhliain 2006.
[athraigh] Craobh Comórtas na gClub
Ba iad CLG Séamus Mac Stiofáin na ceannródaithe do chumainn Chill Chainnigh i gCraobh Comórtas na gClub. B'iadsan curaithe na bliana 1976, 1982 agus 2005.
[athraigh] Féile na nGael
Tá comórtas uile Éireann Faoi 14 buaite ag foireann an pharóiste sna blianta 1981, 1983, 1989, 1994,1996,2003, an chéad dá uair mar fhoireann scoile Scoil Naomh Pádraig agus uaidh sin mar fhoireann an Chumainn.

