CLG Sáirséiligh na Mainistreach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sáirséaligh na Mainistreach
Béarla: Abbey Sarsfields
Bunaithe: 1994
Contae: Luimneach
Roinn: Cathrach
Peil: Sóisear B
Iomáint: Sóisear B
Dathanna: Uaine is dearg
Páirc: Coláiste Mhainchín, Corrbhaile, Luimneach
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Sáirséiligh na Mainistreach .

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an club bunaithe i bparóistí Naomh Nioclás agus Naomh Mhuire ar an dtaobh thoir-thuaidh de Chathair Luimnigh. Tagann formhór dá imreoirí ó bhruachbhaile Corrbhaile agus ó Oileán an Rí. Tá an chuid de pharóiste Naomh Nioclás ar bhruach thuaidh na Sionainne suite i gContae an Chláir agus imríonn iománaithe agus peileadóirí na mbruachbhailte Bruach na Sionainne agus Baile Thiar le CLG An Páirtín.

Cluichí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Imrítear an pheil agus an iomáint sa chlub. Bhí béim an chlub dírithe i dtreo na hiomána nuair a bhunaíodh é ach bhi na Sáirséiligh níos gníomhaí sa pheil le linn blianta lár na 2000í. Tá an bhéim chéanna ar an dá chód anois.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé ná raibh cluichí Gaelacha chomh láidir sin riamh sa cheantar seo ina bhfuil mór-thraidisiún rugbaí, bhíodh clubanna ann ó am go chéile i bparóiste Naomh Mhuire ó bhunú Cumann Lúthchleas Gael. Ina measc siúd, tá tagairt ann faoi fhoireann a d'imir faoin ainm Naomh Mhuire i gcomórtas peile ag deireadh an 19ú haois ach níl tuairisc ann gur chláraíodh aon chlub go hoifigiúil faoin ainm sin ag an am. Is ar éigin gur imir peileadóirí agus iománaithe na linne as an bparóiste le clubanna eile sa chathair ar nós Na Trádálaithe, Na Seamróga, Na Náisiúnaithe agus Éire Óg.

Bhí club darbh ainm dó Corrbhaile gníomhach le linn blianta na 1940í ach thit an cheann deireanach, a bhunaíodh le linn blianta thosaigh na 1970í faoin ainm Naomh Mhuire, as a chéile sa bhliain 1988. Shroich an club sin cluiche ceannais Craobh Peile Sóisear na Cathrach sa bhliain 1981 ach chailleadar i gcoinne Baile Brún. Ghlac club eile faoin ainm Corrbhaile páirt i gcomórtaisí na n-óg le linn blianta na 1970í. Nuair a d’éirigh an dá chlub sin as an imirt, théadh formhór imreoirí na háite chuig Naomh Pádraig nó chuig Clochán.

Bunaíodh Sáirséiligh na Mainistreach sa bhliain 1994 ach, ós rud é ná raibh páirc imeartha dá gcuid féin acu riamh, tháinig an fás go mall chucu agus tá siad ag imirt sa ghrád sóisear B san dá sport óna mbunú. Bhí béim an chlub ar dtús ar an iomáint agus bhuadar Craobh Iomána Sóisear B Cathair Luimnigh sna blianta 1997 agus 1998 ach níor éirigh leo aon chraobh eile a bhaint amach i gcomórtaisí fásta ó shin i leith. I láthair na huaire, tá an club níos láidre sa pheil ná san iomáint.

Páirc Imeartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Imríonn Sáirséaligh na Mainistreach móramh dá gcuid cluichí i gColáiste Mhainchin i gCorrbhaile.

Imreoirí Cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc bunaitheoirí an chlub, bhí Micheál Mac An Airchinnigh a d’imir ar fhoireann iomaint an chontae le linn blianta na 1997í.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).