CLG Gaeil Ghailtí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Gaeil Ghailtí
Béarla: Galtee Gaels
Bunaithe: 1970
Contae: Luimneach
Roinn: Theas
Peil: Sóisear A
Iomáint: -
Dathanna: Marún is bán
Páirc: Páirc Sheáin Uí Mhathúna, Cnoc Ruair, Coill Bheithne, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Gaeil Ghailtí.

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sé bunaithe i bparóiste Coill Bheithne/Gleann na gCreabhar ar dhá thaobh Sléibhte na Gailtí sa chúinne oirdheisceart Chontae Luimnigh, 60km soir ó dheas ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór imreoirí an chlub as bailte Coill Bheithne agus Gleann na gCreabhar agus as na ceantracha tuaithe máguaird ar nós An Leacain Darach, An Inse Cham agus Ceathrú an Chaisleáin.

Cluichí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ós rud é ná fuil traidisiúin na hiomána chomh láidir sin sa cheantar inar thagann teorainn Chontae Luimnigh, Contae Thiobraid Árann agus Contae Chorcaí le chéile, imrítear ach peil amháin sa chlub. Cé ná fuil sé nasctha le haon club ar leith i gcomhair na ha hiomána, imríonn formhór iománaithe an pharóiste leis An Gleann Rua.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá tagairtí ann faoi imirt na peile i nGleann na gCreabhair ón mbliain 1885 nuair a chláraigh club ón mbaile le coiste riaracháin i nDeisceart Luimnigh ach is beag trácht a bhfuil ann ar an gclub nó ar an gcoiste ina dhiaidh sin. Tá cuntas ann faoi chluiche peile a chaill foireann ó Choill Bheithne i gcoinne Imleach as Contae Thiobraid Árann i mí Bealtaine na bliana 1895 agus deirtear gur bhuaigh na himreoirí céanna ar Fhánaithe Ghleann Árann (a ghabh Craobh Peile Sinsear na hÉireann na bliana sin ar son Thiobraid Árann) i Lios Fearnáin sa bhliain 1896.

Ba é club faoin ainm Gleann na gCreabhar an chéad cheann as an bparóiste a chláirigh go hoifigiúil le CLG sa bhliain 1929 agus lean Coill Bheithne, club eile ón gcuid den pharóiste ar thaobh theas na nGailtí, iad cúpla seachtain ina dhiaidh sin. Chas an bheirt ar a chéile i gcluiche ceannais Craobh Peile Sóisear Luimnigh Theas na bliana sin agus chaill Coill Bheithne cluiche ceannais an chontae i gcoinne Caisleán Uí Mhathúna. Dhá bhliain in a dhiaidh sin, áfach, d’éirigh leo corn Peile Sóisear an Chontae a ghabháil nuair a bhuadar ar Chlochán agus lean Gleann na gCreabhar iad sa bhliain dár gcionn i ndiaidh an bua a fháil ar Chlochán.

Nuair nár éirigh le ceachtar an dá chlub le linn na mblianta d’ar gcionn, chinneadar ar aontú faoin ainm Fánaithe Ghailtí sa bhliain 1935 agus tháinig Craobh Peile Sóisear an Chontae chuig an bparóiste don tríú uair sa bhliain 1942. Déirigh leis an gclub aontaithe arís sa bhliain 1957 nuair a bhuadar ar Chill Cholmáin/Ardach. D’ainneoin iad cluiche leathcheannais an chomórtais a shroichint faoi thrí idir na blianta 1960 agus 1965, ba é sin an chraobh chontae dheireannach a bhuaigh Na Fánaithe.

Tharla scoilt sa bhliain 1963 nuair a athbhunaíodh Gleann na gCreabhar agus lean peileadóirí Choill Bheithne ag imirt mar Fánaithe Ghailtí ach thángadar le chéile arís sa bhliain 1970 faoin ainm Gaeil Ghailtí. Níor tháinig feabhas ar an scéal go dtí gur eagraigh an club aontaithe foirne na n-óg agus ba é toradh na oibre sin ná Corn Peile Sóisear an Chontae nuair a chloíadar Seán Uí Fhinn i gcluiche ceannais na bliana 1988. Tháinig Gaeil Gailtí, Baile an Londraigh agus Garrdha Uí Spiolláin le chéile sa bhliain 1991 faoin ainm Fánaithe Gleann an Chorráin agus bhuadar Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh na bliana sin. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, ba chlub peile sinsear é Gaeil Ghailtí nuair a ghabhadar Craobh Idirmheánach an Chontae ach níor fhanadar an ach ar feadh trí bhliana agus tá siad ar ais ag imirt peile idirmheánaigh ó shin i leith.

D’eagraigh Gaeil Ghailtí foireann iomána sa bhliain 1955 ach níor fhan sí ann ach ar feadh cúpla bliain. Ba oibreoirí foraíseacha agus tógála iad móramh na n-imreoirí.

Páirc Imeartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

’Sé Páirc Sheáin Uí Mhathúna páirc imeartha Gaeil Ghailtí agus ainmníodh í in onóir bunaitheoir Bráithreachas na Poblachta a rugadh i gCoill Bheithne. Tá sí suite i gCeathrú an Chaisleáin, 2km siar ó Choill Bheithne agus osclaíodh í sa bhliain 1958.

Imreoirí Cailiúile[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc peileadóirí cáiliúla Gaeil Ghailtí, tá Liam de Róiste (Willie Roche), a bhí ar fhoireann Luimnigh I gcluiche ceannais Craobh Peile na Mumhan na bliana 1991 agus Seán Ó Cuáin (John Quane) ar imir ar fhoireann na hÉireann i gcoinne na hAstráile sa bhliain 1999 agus ar imir i gcluichí ceannais Peile Sinsear na Mumhan sna blianta 1991, 2003 agus 2004.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).