CLG Eithbhinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Eithbhinn
Béarla: Effin
Bunaithe: 1887
Contae: Luimneach
Roinn: Theas
Peil: -
Iomáint: Sinsear
Dathanna: Bán is glas
Páirc: Eithbhinn, Cill Mocheallóg, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club de chuid Chumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é Eithbhinn.

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an club le fáil i bparóiste Eithbhinn in nDeisceart Chontae Luimnigh idir Cill Mocheallóg agus Ráth Luirc, 42cm ó dheas ó Chathair Luimnigh. Níl baile nó sráidbhaile sa pharóiste agus tagann formhór na n-imreoirí ó bhailte fearainn ar nós Eithbhinn, Gharraí na Déirce, Bhaile Sheoinicín agus Bhaile an Charrúnaigh.

Cluichí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní imríonn an club ach iománaíocht amháin. Níl nasc ar leith acu le haon chlub eile i gcomhair na peile. Imríonn formhór pheileadóirí an pharóiste le Stáicéirí de Bhailís, le Cill Mocheallóg, le Baile an Chaisleáin/Béal Átha Grean nó le An Charraig Dhubh.

Tá Eithbhinn nasctha le blianta faoin ainm Gaeil Cois Sléibhe le Stáicéirí de Bhailís i gcomórtais na n-óg.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba limistéar láidir iománaíochta riamh í paróiste Eithbhinn agus bhí cluichí á n-imirt ann sular glacadh le rialacha caighdeánacha tar éis bhunú CLG sa bhliain 1884. Cláraíodh an club go hoifigiúil sa bhliain 1887 agus tá sé ag imirt faoi ainm Eithbhinn ó shin i leith. Tá tuairisc ann ar chluiche iománaíochta sinsearach a bhuaigh siad i gcoinne an Ospidéil i mBrú na Déise i Mí Mheán Fómhair na bliana sin. Ghlac foirne as an nDromainn agus as Feadamar páirt sa chomórtas sin chomh maith le foireann Bhrú na nDéise, agus is cosúil gur casadh ar Eithbhinn arís iad le linn na bliana 1887.

Bhí an club ag imirt sna comórtais iománaíochta a cuireadh ar siúl i nDeisceart Luimnigh agus i dTuaisceart Chorcaí le linn na 1890í agus na 1900í, ach toisc go raibh foirne láidre ag dul in iomaíocht leo ag an am, ar nós Chill Fhionáin agus Bhéal Átha Grean, níor éirigh go maith le hEithbhinn i gcraobhacha oifigiúla an chontae roimh an gCéad Chogadh Domhanda.

Nuair a d'ath-thosnaigh an iománaíocht shóisearach i ndiaidh Chogadh na gCarad shroich Eithbhinn cluiche ceannais Chraobh an Deiscirt sa bhliain 1927 ach bhuaigh Cill Mocheallóg go trom orthu. Bhí orthu fanacht go dtí an bhliain 1937 sular tháinig an chéad chorn chuig an bparóiste tar éis dóibh buachaint ar an Ospidéal i gcluiche ceannais Chraobh Iomána Sóisear an Deiscirt agus níor tháinig teideal ar ais chucu go dtí an bhliain 1977 nuair a sháraigh siad ar Stáicéirí de Bhailís. D'imir na Stáicéirí díoltas ar a gcomharsa, áfach, nuair a ghnóthaigh siad Corn Iomána Sóisear an Chontae sa bhliain chéanna.

Ba chlub iománaíochta sóisearach A é Eithbhinn nuair a tháinig na grádanna teoranta i bhfeidhm i gcomhair craobhacha sinsearacha agus idirmheánacha an chontae sa bhliain 1988 agus tá siad ag imirt sa ghrád céanna ó shin i leith. Ba bheag nár éirigh leo an dara grád a bhaint amach sa bhliain 1992 ach theip siad i gcoinne an Ghleanna Rua i gcluiche ceannais Chraobh Iomána Sóisear Chontae Luimnigh sa bhliain sin agus chaill siad an cluiche deireanach arís sa bhliain 2007 i gcoinne Chathair Laighin.

Bhí foireann peile shóisearach B ag Eithbhinn i lár na 1990í ach d'éirigh an club as i ndiaidh bliain nó dhó.

Páirc Imeartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá páirc imeartha an chlub suite in Eithbhinn lámh leis an séipéal agus an scoil náisiúnta.

Imreoirí Cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc iománaithe cáiliúla Eithbhinn, d’imir Tomás de Blaod (Tom Bluett) ar fhoireann Luimnigh sna 1960í, Éamonn Ó Riabhaigh (Ned Rea) a bhuaigh bonn Chraobh Iomána Sinsearach na hÉireann sa bhliain 1973 (bhí sé tar éis aistriú chuig club Fág an Bealach i mBaile Átha Cliath ag an am) agus Tomás Mac Uaid (Tommy Quaid), cúlbháire i bhfoireann shinsearach an chontae idir na blianta 1976 agus 1993.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).