CLG Eas Géibhtine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Eas Géibhtine
Béarla: Askeaton
Bunaithe: 1890
Contae: Luimneach
Roinn: Thiar
Peil: -
Iomáint: Sóisear A
Dathanna: Glas is ór
Páirc: Sráid na hEaglaise, Eas Géibhtine, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Eas Géibhtine.

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an club bunaithe i bparóiste Eas Géibhtine/Baile Stiabhana in Iarthar Chontae Luimnigh ar bhruach theas Bhéal na Sionainne, 28km siar ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór dá imreoirí as baile Eas Géibhtine, as sráidbhaile Baile Stiabhana agus as na ceantracha tuaithe máguaird ar nós An Bán Riamhach, Baile an Naisigh, Máigh an Iarla agus Cluain Riasc.

Cluichí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cáil níos mó bainte amach ag Eas Géibhtine sa pheil ach imrítear ach an iomáint amháin sa chlub faoi láthair agus tá sé nasctha le Baile Stiabhana i gcomhair na peile. Cé go bhfuil an bheirt acu bunaithe sa pharóiste chéanna, is clubanna ar leith iad le coistí riaracháin ar leith acu.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé go bhfuil tagairtí ann faoi imirit na hiomána idir Eas Géibhtine agus Cill Díoma roimh bhunú CLG sa bhliain 1884, ceaptar gur bhunáiodh an club timpeall na bliana 1890 mar Deasúnaigh Eas Géibhtine agus d’imríodar iomáint agus peil ó thús. D'eagraigh Na Deasúnaigh comórtas iomána sa bhliain 1891 agus tá tuairiscí ann faoi chluichí a d'imríodar i gcoinne Saor Theas agus An tAthair Ó Murchú Faing. Ghlacadar páirt i gCraobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh sa bhliain 1895 nuair a atheagraíodh coiste na chontae i ndiaidh scoilt An Pháirnéalaigh agus bhíodar gníomhach i gcomórtaisí peile agus iomána a eagraíodh in iarthar agus i lár an chontae le linn blianta na 1890í.

Tá stair an chlub ceangailte go mór le Baile Stiabhana, an dara chlub sa pharóiste. Ó am go ham, d’imríodar le chéile faoin ainm Eas Géibhtine/Baile Stiabhana nó ní raibh aon chlub ann i mBaile Stiabhana nó d’imiríodar faoin ainm Eas Géibhtine bliain amhín agus faoin ainm Baile Stiabhana sa bhliain dár gcionn nó d’imríodar peil faoin ainm Baile Staibhana agus iomáint faoin ainm Eas Géibhtine nó d’imríodar i gcoinne a chéile mar chlubanna ar leith. Ba iad Baile Stiabhana a bhuaigh Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh sa bhliain 1964 agus bhuaigh na himreoirí céanna arís é sa bhliain dár gcionn faoin ainm Eas Géibhtine. Ach cé go bhfuil naisc láidir eatarthu, ba chlubanna ar leith i gcónaí iad.

Bhí béim an pharóiste ar an bpeil ar dtús agus chaill na Deasúnaigh cluiche ceannais Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh i gcoinne Na Trádálaithe sa bhliain 1905. D’aistrigh an bhéim i dtreo na hiomána le linn blianta na 1930í agus bhuadar ar An gCeapach Mór chun Craobh Sóisear Iomána an Chontae]] a ghabháil sa bhliain 1935.

Ach tháinig meath ar rátha an dá chód le linn blianta na 1950í de dheasca eisimirce agus chuir an club mór-iarracht isteach i dtraenáil imreoirí óga. Tháinig feabhas mór ar an bpeil dá bharr agus bhuadar Craobh Sinsear an Chontae sa bhliain 1965, i ndiaidh dóibh an lámh in uachtar d'fháil ar Sháirséalaigh an Chonartha, sa bhliain 1966, nuair a sháraíodar ar Chlochán sa chluiche ceannais, agus arís sa bhliain 1972 tar éis Úlla a chloí.

Ba chlub sinsear peile é Eas Géibhtine suas go dtí an bhliain 1992 ach bhíodar ar ais sa ghrád uachtar nuair a bhuadar Craobh Peile Idirmheánach an Chontae sa bhliain chéanna. Thiteadar síos arís sa bhliain 1998 agus bhí Eas Géibhtine ar tí ísliú go dtí grád sóisear A sa bhliain 2001 nuair a chin an club ar éirí as an bpeil agus imirt ach an iomáint amháin sa ghrád sóisear A. Bhí an dá chlub ag imirt le chéile i gcomórtaisí óga chomh maith le Cill Chuarnáin faoin ainm Na Deasúnaigh le linn na mblianta díreach roimhe sin.

Páirc Imeartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’imir Eas Géibhtine i “bPáirc na Siúicre” i Máigh an Iarla, leathbhealach idir Eas Géibhtine agus Baile Stiabhana, ar dtús ach cheannaíodar a bpáirc imeartha féin ar Shráid na hEaglaise i mbaile Eas Géibhtine sa bhliain 1954. Imríonn Baile Stiabhana ar an bpáirc céanna. Le linn blianta na 1980í, d’imir foireann peile an chontae formhór dá cuid cluichí ansin.

Imreoirí Cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc peileadórií cáiliúla Eas Géibhtine, tá Pádraig Baróid (Paddy Barrett) ar imir ar fhoireann na hÉireann i gcoinne na hAstráile sa bhliain 1988 agus Seán Ó Gallachóir (Shane Gallagher) agus Pádraig Ó Reannacháin (Pa Ranahan) atá ar fhoireann sinsear an chontae faoi láthair.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).