CLG Chontae Aontroma
| Béarla | Antrim GAA | ||||||||||
| Cúige | Cúige Uladh | ||||||||||
| Leasainm | Saffrons/Glensmen | ||||||||||
| Dathanna | Bán agus buí | ||||||||||
| Staid | Páirc Mhic Asmaint, Béal Feirste | ||||||||||
| Spórt ceannasach | Iomáint | ||||||||||
| Sraith Pheile Náisiúnta | Sraith 3 | ||||||||||
| Sraith Iomána Náisiúnta | Sraith 2 | ||||||||||
| Craobh Pheile | Corn Mhic Uidhir | ||||||||||
| Craobh Iomána | Corn Mhic Carthaigh | ||||||||||
| Peil na mBan | Corn Bhreandáin Uí Mháirtín | ||||||||||
| Camógaíocht | Corn Uí Dhubhthaigh | ||||||||||
|
|||||||||||
Eagraíocht spóirt é Cumann Lúthchleas Gael Chontae Aontroim, atá i gceannas ar na cluichí Gaelacha a imrítear i gContae Aontroma, faoi cheannas Chumann Lúthchleas Gael.
Clár ábhair |
[athraigh] Stair
Ba sa bhliain 1885 a bunaíodh Gaeil Bhéal Feirste (nó Ceannródaithe Bhéal Feirste mar ab’fhearr aithne orthu san am), an chéad chlub de chuid Chumann Lúthchleas Gael i gContae Aontroma. Is don Athair J. Ó Raghallaigh (arbh as Loch gCaol ó dhúchas dó) a théann an chreidiúint uile as bratach Mhicheál Uí Chíosóg a ardú sa chontae.
Go gairid ina dhiaidh sin tháinig ceithre chlub iomána eile ar an fhód, mar a bhí: Cláirsigh Bhéal Feirste, Lámha Dearga Lios na gCearrbhach, Club William Orr agus Raonairí Divis.
Díol spéise é, b’fhéidir, an mhír eolais a tháinig ón Ard-Chomhairle lena chur in iúl "go bhfuarthas £3 ó Aontroim mar tháillí ballraíochta don bhliain 1885."
I ndiaidh Scoilt Pharnell, d’imigh na cúig chlub in Aontroim in éag agus níor tugadh faoi Chumann Lúthchleas Gael a chur ar a bhonnaí arís sa chontae go dtí mí Dheireadh Fómhair 1898. Ba é Club Iomána na Craoibhe Rua, nuair a bunaíodh é, a chuir tús leis an ghluaiseacht. Chuir oifigigh an chlub ráiteas amach ag impí "ar fheara C.L.G. Aontroma agus Uladh an t-aighneas polaitiúil a bhí eatarthu a chur i leataobh agus seasamh le chéile arís eile de mheon na aontachta agus na cairdine faoi bhratach na sean-Ghael sa bhliain stairiúil seo, comóradh céad bliain 1798."
Le himeacht aimsire, tháinig clubanna C.L.G. eile ar an fhód agus nuair a bunaíodh An Bord Contae i 1900/01 d’fhéadfaí a rá, gan aon amhras, go raibh Athnuachan Ghaelach na hÉireann in Aontroim faoin lán seoil.
[athraigh] Imreoirí cáiliúla
[athraigh] Iomáint
- Ciarán Barr
- Terence McNaughton
- Dessie Donnelly
- Olcan McFetridge
- Dominic McKinley
- Paul McKillen
- Neil McManus
- Liam Watson
[athraigh] Peil
[athraigh] Naisc sheachtracha
- Suíomh oifigiúil an chontae
- Contae Aontroma ar Hoganstand.com
- Coirn chúigeach agus náisiúnta buaite ag foirne ón chontae
- Buaiteoirí chraobh an chontae
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.