CLG Cill Íde

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cill Íde
Béarla: Killeedy
Bunaithe: 1924
Contae: Luimneach
Roinn: Thiar
Peil: Sóisear B
Iomáint: Idirmheánach
Dathanna: Gorm is bán
Páirc: Páirc Íde Naofa, Ráithíneach, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Cill íde.

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an club bunaithe i bparóiste Cill Íde in Iarthar Chontae Luimnigh idir Mainistir na Féile agus Drom Chollachair, 55km siar ó dheas ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór a n-imreoirí as sráidbhaile Áth na bhFuinseog agus as na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Ráithíneach, An Bealach, Ceann Tóchair agus Cill Íde.

Cluichí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé go bhfuil traidisiún níos láidre ag an iomáint sa cheantar, imrítear an pheil sa chlub chomh maith. Tá an bhéim dírithe go láidir i dtreo na hiomána.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an pheil agus an iomáint á imirt i bparóiste Chill Íde nuair a ghlacadh le rialacha caighdeánacha an dá sport tar éis bhunú CLG sa bhliain 1884 ach is cosúil go raibh suim níos mó san áit ar dtús sa liathróid mór. Cláraíodh club faoin ainm Naomh Íde Áth na bhFuinseog timpeall na bliana 1890 agus tá tuairisc ann faoi chomórtas peile a eagraíodh sa pharóiste sa bhliain 1894 inar bhuaigh Raonaithe na Daoile orthu i bpáirc Chonaill Mhaingnéir i gCill Íde.

Maraon lena lán paróistí in oirthear agus in iardheisceart an chontae, leathnaigh an iomáint go tapaidh ann ag tús an 20ú haois agus tá cuntas ann ón mbliain 1901 faoi chomórtas iomána in Ardach inar bhuaigh Teampall an Ghleanntáin ar Áth na bhFuinseog. Níl mórán tagairtí don chlub ó na blianta díreach ina dhiaidh sin agus thit sé as a chéile le linn na dTrioblóidí.

Atheagroídh é faoin ainm Áth na bhFuinseog sa bhliain 1923 agus bhuaigh An Gleann orthu i gcluiche ceannais Craobh Peile Sóisear an Iarthair na bliana 1926. Tháinig an iomáint chun chinn i ndiaidh dóibh an t-ainm a athrú go Cill Íde sa bhliain 1935 agus tá an lámh in uachtar ag an liathróid beag sa chlub ón am sin i leith. Shroicheadar cluiche ceannais Craobh Iomána Sóisear an Iarthair don chéad uair sa bhliain 1939 ach chailleadar i gcoinne Greanach.

Tháinig laghdú mór ar dhaonra an pharóiste le linn blianta na 1950í agus níor éirigh le Cill Íde ar an bpáirc sna grádanna fásta san am sin. Ach cuireadh iarracht mór isteach sna grádanna óga. Shroicheadar cluiche ceannais Craobh Iomána Mionúir an Chontae na bliana 1957 ach níor fhan baill na foirne sin sa tír de dheasca an lagtrá eacnamaíochta. Ach tháinig glún nua le chéile i ndiaidh dóibh Craobh Iomána Faoi-21 an Iarthair a bhuachaint sa bhliain 1965 agus, cé nár éirigh leo Craobh Sóisear na Roinne a ghabháil, chinneadar ar imirt na hiomána sinsear sa bhliain 1972.

Bhí trí chlub an-láidir sa chontae ag an am sin agus ba chosúil é ná buadh Cill Íde Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh riamh i ndiaidh dóibh cluichí ceannais na bliana 1973 a chailliúint i gcoinne Cill Mocheallóg, na bliana 1976 i gcoinne Saor Theas agus na bliana 1979 i gcoinne Tobar Phádraig. Ach d'fhan an dóchas iontu agus d’éirigh leo faoi dheiridh nuair a sháraíodar ar Saor Theas sa bhliain 1980.

Tháinig a gcomharsanna Tuar na Fola chun chinn chomh maith le linn an tréimhse sin. Bhí iomaíocht géar idir na clubanna agus thagadh na sluaite chun féachaint ar chluichí Craobh Iomána Sinsear an Iarthair le linn blianta na 1970í agus tús na 1980í.

Ba í an bhliain 1980 buaicphoíonte iomána Chill Íde. Ba chlub sinsear fós é nuair a tháinig na grádanna teoranta i bhfeidhm sa chontae sa bhliain 1988 ach bhí an brú i gcónaí orthu agus thiteadar síos sa bhliain 1991. D’fhilleadar ar an gcéad iarracht nuair a bhuadar Craobh Iomána Idirmheánach an Chontae na bliana 1992 agus d’fhanadar sa phríomhghrád go dtí gur thiteadar síos arís sa bhliain 2007.

Ní raibh mórán le rá faoi pheileadóirí Chill Íde ó bhlianta na 1940í go dtí gur bhuadar Craobh Peile Sóisear B an Chontae sa bhliain 1987. Tá siad ag imirt fós sa ghrád sin.

Páirc Imeartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá páirc imeartha Chill Íde suite i lár an pharóiste i Ráithíneach, lámh leis an séipéal agus an scoil náisiúnta.

Imreoirí Cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc iománaithe cáiliúla Chill Íde, tá Pádraig Mac Muiris (Paudie Fitzmaurice) a roghnaíodh mar Sárimreoir na bliana 1984, a dheartháir Liam Mac Muiris (Canon Willie Fitzmaurice) a imir ar fhoireann Luimnigh le linn blianta na 1970í agus Dónall Ó Floinn (Don Flynn), imreoir sinsear an chontae le linn blianta na 1980í.


Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).