CLG Cathair Laighin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cathair Laighin
Béarla: Caherline
Bunaithe: 1884
Contae: Luimneach
Roinn: Thoir
Peil: -
Iomáint: Idirmheánach
Dathanna: Gorm is bán
Páirc: Páirc Cuimhneacháin an tAthair Uí Aodha, Boscail, Cathair Chinn Lis, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Cathair Laighin.

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an club bunaithe i bparóiste Cathair Chinn Lis/Inse Shan Labhráis in Oirthear Chontae Luimnigh, 14km soir ó dheas ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór imreoirí Chathair Laighin as baile Cathair Chinn Lis, sráidbhaile Cathair Laighin agus as na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Céad Acra, Baile Bhrúid, Inse Shan Labhrais, Boscaill agus Dún Mhaoláin.

Cluichí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Imrítear ach an iomáint amháin sa chlub agus tá sé nasctha le Cathair Chinn Lis i gcomhair na peile. Cé go bhfuil an bheirt acu suite sa pharóiste chéanna agus go nimríonn siad ar an bpáirc céanna, is clubanna ar leith iad.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fiú amháin roimh bhunú Chumann Lúthchleas Gael, imríodh an-chuid iomána in oirthuaisceart Chontae Luimnigh agus nuair a eagraíodh an cluiche go hoifigiúil faoi rialacha chaighdeánacha, b’iad clubanna na háite ar nós Máigh Rua, Saor Theas agus An Bóthar a tháinig ar dtús chun tosaigh. Chomh maith le craobhacha an chontae, bhí comórtaisí á eagrú ag clubanna ar nós Máigh Rua, Saor Theas, Pailís na Gréine agus Cill Mhuire le linn blianta deiridh na 1880í agus is iontusan a bhfuil na céad tagairtí d'fhoireann Cathair Laighin.

Ghlac Cathair Laighin an seans chun a gcuid comharsanna a leanúint sa bhliain 1896 nuair a bhuadar Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh don chéad uair tar éis dóibh sárú ar Bhaile an Gharrdha sa chluiche ceannais. Chailleadar cluiche cheannais na bliana 1898 i ndiaidh athimirte i gcoinne Na Seamróga nár chríochnaíodh ach tháinig corn an chontae ar ais chuig an bparóiste sna blianta 1905 agus 1907.

Nuair a bhuaigh Clochán orthu i gcluiche cheannais sinsear an chontae na bliana 1916, tháinig meath tobann ar iomáint an chlub. Ba dheachair dóibh imirt le linn na dTrioblóidí. Nuair a atheagraíodh na comórtaisí le teacht na síochána, ba é Feadamar an club ba láidre sa cheantar agus thit Cathair Laighin síos go dtí an grád sóisear.

Cé gur sháraíodar ar Chill Mocheallóg chun Craobh Iomána Sóisear an Chontae a bhuachaint sa bhliain 1927 agus arís sa bhliain 1931, bhíodar faoi scáth na dtrí chlub mhór na huaire, Átháin, Cromadh agus Éire Óg, agus theip orthu aon dul chun chinnn a dhéanamh sa ghrád sinsear.

Ba chlub sóisear i gcónaí í Cathair Laighin ó bhlianta na 1940í go dtí an bhliain 2008. Níor éirigh leo Craobh Iomána Sóisear Oirthear Luimnigh a bhuachaint go dtí an bhliain 1971 nuair a sháraíodar ar Bhaile Bricín. Tar éis dóibh cluiche cheannais an chontae a chailliúint faoi dhó, i gcoinne An Gleann Rua sa bhliain 1974 agus i gcoinne An Chaisleáin Nua Thiar sa bhliain 2001, tháinig iomáint idirmheánach chuig Cathair Laighin faoi dheireadh nuair a bhuadar Craobh Iomána Sóisear A Chontae Luimnigh don tríú uair sa bhliain 2007.

D'imir Cathair Laighin peil chomh maith suas go dtí gur bhunaíodh Cathair Chinn Lis sa bhliain 1984. Le linn blianta na 1940í, thángadar le chéile le peileadóirí Cathair Fuinse ar feadh roinnt blianta chun imirt faoin ainm Cóstóirí Ráth Shiúrdáin. Bhí foireann sách-láidir ag Cathair Laighin féin le linn blianta na 1950í agus na 1960í nuair a shroicheadar cluiche ceannais Craobh Peile Sóisear an Oirthir sna blianta 1956, 1957, 1962 agus 1969 ach chailleadar iad go léir.

Páirc Imeartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá páirc imeartha Chathair Laighin, Páirc Cuimhneacháin an tAthair Uí Aodha, suite i mBoscaill, 1km ó dheas ó bhaile Chathair Chinn Lis ar bhóthar Bhaile an Mhistéalaigh. Is í príomhionad cluichí Gaelacha in Oirthear Luimnigh.

Imreoirí Cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Val Ó Murnáin (Val Murnane) as Cathair Laighin cúl báire foireann Luimnigh a bhuaigh Craobh Iomána Mionúir na hÉireann sa bhliain 1984.


Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).