CLG Baile Brún

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Baile Brún
Béarla: Ballybrown
Bunaithe: 1890
Contae: Luimneach
Roinn: Cathrach
Peil: Sóisear A
Iomáint: Sinsear
Dathanna: Bán is uaine
Páirc: Clár Aidhne, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Baile Brún .

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an club bunaithe sa chuid thuaidh de pharóiste Tobar Phádraig/Baile Brún, 8km siar ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór dá imreoirí ó shráidbhaile Clár Aidhne agus ó na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Broisceach, Tír Bhú, Carraig Ó gCoinneall agus Baile Brún. Cé go bhfuil club eile, Tobar Phádraig ann i bparóiste Tobar Phádraig/Baile Brún, is féidir le gach peileadóir agus iománaí as an bparóiste uile imirt le Baile Brún.

Cluichí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Imrítear an pheil agus an iomáint i mBaile Brún ach bhí béim an chlub dírithe i gcónaí go láidir i dtreo na hiomána óna bhunú.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba limistéar iomána i gcónaí é paróiste Tobar Phádraig/Baile Brún agus bunaíodh an club go hoifigiúil faoin ainm Droichead an Chalaidh sa bhliain 1890. Tá tuairiscí ann fúthu ag glacadh páirt i gcomórtaisí le linn blianta na 1900í ach tugadh Baile Brún orthu nuair a bhuadar ar Chill Mocheallóg i gcluiche ceannais Craobh Iomána Sóisear Contae Luimnigh na bliana 1915. Chuir An Chéad Chogadh Domhanda agus Na Trioblóidí go mór astu agus, nuair a thosnaigh craobhacha sóisir an chontae arís le teacht na síochána, ba é Cill Díoma an club ba láidre sa cheantar.

Níor éirigh le Baile Brún arís sa chomórtas go dtí gur tháinig Craobh Iomána Sóisear na Cathrach chucu sa bhliain 1946. Bunaíodh club eile sa pharóiste, Tobar Phádraig, an bhliain dár gcionn agus bhí ar Bhaile Brún fanacht go dtí an bhliain 1959 sular bhuadar an chorn céanna arís.

Níorbh fhada go raibh Tobar Phádraig tar éis éirí níos láidre ná Baile Brún ach, nuair a bhuaigh an club nua Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh don chéad uair sa bhliain 1965, spreagadh suim nua sa seanchlub. Thosnaíodar ag imirt sa ghrád sinsear i ndiaidh buachaint ar ar Dhún Bleisce chun Craobh Iomána Sóisear an Chontae a ghabháil don dara huair sa bhliain 1967. Bhí orthu fanacht go dtí an bhliain 1983 sular shroicheadar cluiche cheannais iománna sinsear an chontae don chéad uair, áit a bhuaigh Tobar Phádraig orthu.

Tháinig an chorn chucu faoi dheireadh sa bhliain 1989. Leanadar ar aghaidh chun Craobh Iomána Sinsear Club na Mumhan a bhuachaint ach chailleadar cluiche ceannais Craobh na hÉireann i gcoinne An Gleann Mór as Contae Chill Chainnig. Bhuaigh Baile Brún Craobh Iomána Sinsear an Chontae arís sa bhliain 1992 ach, nuair a thit an aois ar an bhfoireann sinn, thiteadar síos go dtí an grád idirmheánach sa bhliain 2005.

Thosnaigh ré na peile i ndáiríre i mBaile Brún sa bhliain 1981 nuair a bhuadh Craobh Sóisear A Contae Luimnigh agus ghabhadar seilbh ar chorn idirmheánach an chontae seacht mbliana ina dhiaidh sin ach thit suim sa pheil le linn blianta na 1990í

Páirc Imeartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá príomhpháirc imeartha an chlub suite 200m ó dheas ó Chrosbhóthar Clár Aidhne agus osclaíodh clubtheach mór ann le linn blianta na 1980í. Osclaíodh páirc imeartha eile idir Crosbhóthar Clár Aidhne agus séipéal Bhaile Brún sa bhliain 2007.

Imreoirí Cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc iománaithe cáiliúla an chlub, tá iarbhainisteoir foireann Luimnigh Tomás Ó Riain (Tom Ryan) a bhuaigh bonn Craobh na hÉireann sa bhliain 1973 agus Traolach Ó Cionnaith (Terence Kenny), Uinseann Ó Conchúir (Ollie O’Connor) agus Seosamh Ó Conchúir (Joe O’Connor) a d'imir ar fhoireann sinsear an chontae le linn blianta na 1980í agus blianta na 1990í. D’imir Traolach Ó Cionnaith ar fhoireann peile Luimnigh chomh maith. Is ball Baile Brún é Séamus Ó hArtagáin, Rúnaí Coiste Chontae Luimnigh idir na blianta 1986 agus 2007.

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).