CLG An Cnocán (Luimneach)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Cnocán
Béarla: Knockane
Bunaithe: 1884
Contae: Luimneach
Roinn: Thoir
Peil: Sóisear B
Iomáint: Sóisear B
Dathanna: Glas is buí
Páirc: Garraí Dúlais, Pailís na Gréine, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG An Cnocán.

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an club bunaithe i leath-pharóiste Teampall Uí Bhrídeáin sa chuid theas de pharóiste Pailís na Gréine/Teampall Uí Bhríodáin idir Pailís na Gréine agus Imleach in Oirthear Chontae Luimnigh, 30km soir ó dheas ó Cathair Luimnigh. Níl aon baile nó sráidbhaile san áit agus tagann formhór na n-imreoirí ó na ceantracha tuaithe Garraí Dúlais, An Cnocán, Baile an Fhaoitigh, Deirc agus Teampall Uí Bhrídeáin mórthimpeall Carraig an tSáirséalaigh ach is féidir le gach peileadóir agus iománaí as paróiste uile Pailís na Gréine/Teampall Uí Bhríodáin imirt leis An gCnocán.

Cluichí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé go bhfuil traidisiúin láidir peile ag síneadh siar go dtí an 19ú haois sa cheantar, imrítear peil agus iomáint sa Chnocán. Tá béim an chlub dírithe fós i dtreo na peile.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é an limistéar thart ar an teorainn idir Oirthear Chontae Luimnigh agus Deisceart Chontae Thiobraid Árann ceartlár na peile in Éirinn nuair a bhunaíodh An Cnocán sa bhliain 1884 agus tá tuairiscí ann faoi chomórtaisí peile a d'eagraíodar le linn blianta tosaigh CLG. Bhí trí fhoireann peile láidir sa cheantair ag an am agus d’aistirgh imreoirí idir An gCnocán, Pailís na Gréine agus Úlla ó bhliain go bliain. Chomh maith le sin, tháinig roinnt mhaith des na peileadóirí ar fhoirne mhóra na cathrach ar nós Na Trádálatihe as an bparóiste.

Bhuadar ar Phailís na Gréine, a bhí nasctha leis An gCnocán faoin ainm Pailís Aontaithe sa bhliain sin, i gcluiche ceannais Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh sa bhliain 1897 agus bhí roinnt imreoirí ón gCnocán ar fhoireann Úlla a ghabh an chorn sa bhliain 1900. Shroich An Cnocán an cluiche cheannais faoin a ainm féin dhá bhliain ina dhiaidh sin ach chailleadar i gcoinne Na Trádálaithe.

Ba é an tréimhse idir na blianta 1928 agus 1942 ré órga peile An Chnocáin. I ndiaidh dóibh an cluiche ceannais a chailliúint i gcoinne An Gleann ceithre bliana as a chéile idir na blianta 1928 agus 1931, bhuadar Craobh Peile Sinsear an Chontae faoi dheireadh sa bhliain 1940. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, bhain Mainistir na Féile díoltas orthu i gcluiche ceannais na bliana 1942.

Tháinig meath ar an gclub nuair a chailleadar an-chuid imreoirí don imirce le linn blianta na 1950í agus thiteadar síos go dtí an grád sóisear. Sa thréimhse céanna, bhí Pailís na Gréine agus Úlla ag dul i bhfeabhas agus chaill An Cnocán roinnt mhaith imreoirí dóibh siúd chomh maith. Níor tháinig leigheas ar an scéal go dtí gur bhuadar Craobh Peile Sóisear B Chontae Luimnigh sna blianta 1987 agus 1994.

Thosnaigh an iomáint sa Chnocán sa bhliain 1992 ach, ós rud é go bhfuileadar ag imirt i roinn ina bhfuil an iomáint i bhfad níos láidre ná an pheil, níl aon comórtas buaite ag an gCnocán sa chód óna bhunú.

Páirc Imeartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl a pháirc imeartha féin ag an gCnocán ach imríonn siad ar pháirc ar chíos I nGarraí Dúlais.

Imreoirí Cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc na n-imreoirí cáiliúla a raibh baint acu leis An gCnocán, tá Risteard Ó Cuinn (Dick Quin), peileadóir idirchontae Luimnigh le linn blianta na 1900í agus Séamus de Nais (Jim Nash) a bhuaigh bonn Craobh Peile Sinsear na hÉireann sa bhliain 1896.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).