C.U. Burn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de sèrie de televisióC.U. Burn
Séanrasraith theilifíse ghrinn
Aisteoirí
TírÉire
Bealach teilifíseTG4
An chéad eipeasóid31 Deireadh Fómhair 1996
An eipeasóid dheireanach1997
Líon eipeasóidí15

Sraithdhráma grinn is ea C.U. Burn . Craoladh an chéad sraith sa bhliain 1996 ar TG4 (Teilifís na Gaeilge). Tá an tsraith bunaithe ar imeachtaí i saol adhlacóra agus a chomhpháirtí atá tar éis créamatóiriam a thógáil. Tá C.U. Burn Crematorium Ltd. suite i “nGleann Dómhain”, in aice le Rann na Feirste, suite idir Gaoth Dobhair agus Gaoth na Brághad ar chósta thuaidh na Rosann, i gContae Dhún na nGall. Tá C.U.Burn fós le feicáil o ham go am ar TG4[1].

“Ceann de na cláracha ab fhearr agus is mó a thaitníonn le lucht féachana TnaG is ea CU Burn”, a dúirt Saol [2][3]

Eipeasóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'údaraigh Teilifís na Gaeilge do Lios na Sí Teo [4]. Sraithchlár sé mhír a sholáthar i dtosach báire, Ach bhí glactha chomh maith sin leis an tsraith go raibh beartaithe ag Lios na Sí sraith eile a dhéanamh. Mar sin, bhí 16 cláir craolta i 1996 agus i 1997. Bhí suas le 140 duine fostaithe ag an mbuaic léirithe i 1995-1997.

Foireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Niall Mac Eamharcaigh - scríbhneoir agus stiúrthóir[5]; Aodh Óg Ó Duibheannaigh - Charlie Burn; Seán Mac Fionnghaile (McGinley, Mac Fhionnlaoich), a bhásaigh sa bhliain 2009 - Vincie Burn, a deartháir

Bhuaigh C.U. Burn “Spiorad na Féile”, An Fhéile Idirnáisiúnta Cheilteach Scannán & Teilfíse i 1997.

Sraith[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sraith 1 (craolta don chéad uair i 1996)[cuir in eagar | athraigh foinse]

C.U. Burn i dtrioblóid arís

1.1 “Deontas” Tá deontas faighte ag Charlie agus ag Vincie ón Údarás le créamatóiriam a oscailt.

1.2 “Lá Ádhúil” Tá Charlie ag lorg a chéad chustaiméir don chréamatóiriam

1.3 "Que Sera, Sera" Tá Kit Shorcha caillte agus níl cónra ar bith fágtha ag Charlie. Céard a dheánfaidh sé?

1.4 "Dubh agus Bán" Tá dhá chorp sa chréamatóiriam agus téann Charlie amú ar an bpéire.

5 "Thar Sáile " Téann Charlie agus Vincie go hOileán Ella chun corp a bhailiú ach is i dtír ar Thoraigh a thagann siad.

1.6 "Toit " Bíonn Charlie ag roinnt toitíní ar thórramh ach bíonn níos mó ná tobac iontu.

1.7 " Máire an Chlocháin Leith" Bíonn lá mór ag Charlie agus Pádraig ag Féile Mháire an Chlocháin Leith. An é seo lá an Luain agus coirp ag éirí ó na mairbh?

1.8 "Cúpla" Fuair John Dubh bás agus faigheann Charlie $4000.

Sraith 2 (craolta don chéad uair i 1997)[cuir in eagar | athraigh foinse]

2,1 “Lotto” Tá an ticéad buacach ag duine éigin, ach cé? Bíonn muintir Doyle agus Charlie Burn marbh ag cuardach an ticéid mar go gceapann siad gur duine éigin a bhásaigh le gairid a cheannaigh é.

2.2. “An Dole” Nuair a thagann cigirí ón Roinn Leasa Shóisialaigh ar cuairt chuig an gcréamatóir bíonn gach seans ann go gcaillfidh na fostóirí agus na hoibrithe an dól!

2.3 “An Dhá Mheigeall” Caitheann Charlie a shúil santach ar spré Mhairéid agus ar thalamh a Uncail Barney, nuair a bhíonn luach eileatraim nua uaidh.

2.4 “Hata sa Leaba” Tá Charlie san ospidéal ach ní ar cuairt atá sé ann. Tá siad fíor chruógach go deo! ...

2.5 “Cúl Báire” Téann Pádraig agus Vincie ag faire ar éin agus déanann Charlie iarracht píosa siúinéireachta a dhéanamh mar gheall ar shochraid atá ag fáil go leor poiblíochta.

Aodh Óg Ó Duibheannaigh mar C.U. Burn, agus é i dtrioblóid arís


2.6 “Lá Amú” Leanann Charlie an t-otharcharr is é ag ceapadh go m’fhéidir go mbeadh gnó le déanamh aige as ach bíonn a chontúirt féin ag baint leis seo.

2.7 “Ar Thóir an Óir” Tá Charlie ag iarraidh airgead a shaothrú agus mar sin eagraíonn sé ceant. To keep the wolf from the door Charlie decides to hold an auction. Cuid 1 http://www.youtube.com/watch?v=oDJIfUvWtA4 , Cuid 2 http://www.youtube.com/watch?v=expqZwnIj1U

2.8 “Speisialta na Nollag” An Nollaig: Bíonn na hadhlacóirí an-ghnóthach i rith na Nollag. Nuair a fhaigheann an tábhairneoir bás beireann Charlie leis an corp ar iasacht.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. http://www.tg4.ie/en/tg4-player/tg4-player.html TG4.tv, sruth beo
  2. Saol, Imleabhar 10 * Uimhir 1 * Eanáir 1997
  3. agus boards.ie.
  4. Saol, Imleabhar 10 * Uimhir 1 * Eanáir 1997
  5. Aisteoir agus léiritheoir teilifíse atá in Niall Mac Eachmharcaigh agus tá a chomhlacht léiriúcháin féin, Lios na Sí Teoranta, aige i Rann na Feirste. Tá eolas maith ar shraith dá chuid, [ http://www.beo.ie/alt-rann-na-feirste.aspx Luí na Gréine]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]