Cúrsaí spóirt in Éirinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tá áit thábhachtach ag an spórt in Éirinn. Tá a gcluichí traidisiúnta féin ag na hÉireannaigh, na Cluichí Gaelacha. Is é Cumann Lúthchleas Gael an eagraíocht atá i gceannas ar na cluichí seo in Éirinn. Tá suim ag go leor daoine sa sacar agus sa rugbaí. Chomh maith leis sin, tá galf, snúcar agus rugbaí coitianta freisin. Imríonn foireann náisiúnta rugbaí na hÉireann (agus IRFU) ar son an oiléain ar fad i gComórtas na Sé Náisiún.

Clár ábhair

[athraigh] Na Cluichí Gaelacha

Páirc an Chrócaigh: Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann sa bhliain 2005.

Tá tábhacht ar leith in Éirinn leis na cluichí Galaacha, agus is iad Cumann Lúthchleas Gael agus Cumann Peile na mBan a d´fhorbair, agus a reachtálann fós, traenáil agus comórtais i gcluichí na nGael. Ina measc siúd tá an pheil Ghaelach, iomáint agus camógaíocht agus liathróid láimhe. Ní íoctar na traenáilithe nó na himreoirí go hiondúil ach fós eiríonn le luthchleasaithe agus imreoirí spóirt na tire ard-chaighdeán a bhaint amach sna cluichí dúchasacha. Bíonn Comórtas Peile na Gaeltachta ar siúl sa Ghaeltacht gach bliain. Imrítear 'corr' go hiondúil i measc na n-óg in Éirinn, ach ní mórán eagair a chuirtear air. Is spórt ársa é an An Bol Bóthair chomh maith a imrítear in áiteanna áirithe in Éirinn.

[athraigh] Rugbaí

Imrítear an rugbaí go coitianta in Éirinn. Imríonn foireann rugbaí náisiúnta na hÉireann i gComórtas na Sé Náisiún. Imríonn na cúigí i Sraith RaboDirect PRO12 agus i gCorn na hEorpa.

[athraigh] Sacar

Tá an sacar ar na spóirt is coitianta in Éirinn. Tá sacar na mban tagtha ar aghaidh go mór le roinnt blianta anuas. Tá an spórt ag dul ó neart go neart an t-am ar fad.

[athraigh] Spóirt eile

Tá go leor cluichí foirne ann, agus imrítear an chuid is mó acu áit éigin in Éirinn. Ar na cluichí is tábhachtaí tá sacar, rugbaí, cispheil, leadóg, hacaí, hacaí oighir, cricéad, cluiche corr, daorchluiche, peil Astrálach, peil Mheiriceánach agus peil Cheanada atá gaolta leis, lacrosse agus liathróid láimhe.

Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile