Cúlteilgean

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cúlteilgean

Córas chun íomhá a theilgean ar scáileán tréshoilseach chun gur féidir í a fheiceáil ón taobh eile. Is áisiúil a leithéid nuair nach féidir an áit a bhfuil an lucht féachana a dhorchú, mar shampla i músaeim nó taispeántas, agus le teilifís ollscáileáin. I bhfoirm ar leith de chineamatagrafaíocht chumaisc tógann na haisteoirí a bpáirteanna os comhair a leithéid de scáileán agus radharc inghluaiste cúlteilgthe air seo mar chúlra don dráma.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cúlteilgean". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 194.