Cú Uladh - Peadar Toner Mac Fhionnlaoich

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCú Uladh - Peadar Toner Mac Fhionnlaoich
Beathaisnéis
Breith5 Deireadh Fómhair 1857
Allt an Iarainn, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1 Iúil 1942
84 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata
Seanadóir na hÉireann
1 Iúil 1942 – 14 Iúil 1943
Téarma parlaiminte: 3ú Seanad Éireann

Seanadóir na hÉireann
27 Aibreán 1938 – 22 Iúil 1938
Téarma parlaiminte: 2ú Seanad Éireann

Uachtarán
1922 – 1925
← Seán Ó CeallaighSeán Pádraig Mac Énrí → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmúdar, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Scríbhneoir Gaeilge ab ea Cú Uladh, nó Peadar Toner Mac Fhionnlaoich. Rugadh é ar an 5 Deireadh Fómhair 1857 in Alt an Iarainn, Gleann tSúilí, Co. Dhún na nGall agus cailleadh ar an 1 Iúil 1942 é.[1] Nuair a bhí sé seacht mbliana déag d’aistrigh sé go Baile Átha Cliath. D'fhreastail sé ar an Ard-Scoil i nGlas Naíon ar feadh bliana, agus ina dhiaidh sin chaith sé dhá bhliain ag foghlaim léinn i gColáiste na Carraige Duibhe. Phós sé Sibéal Ní Uadhaigh (Elizabeth Woods) sa bhliain 1895 agus bhí dáréag clainne acu. Chuaigh an chuid is mó dá chlann mhac ar Scoil Éanna, a bhí á rith ag Pádraig Mac Piarais.

Fuair sé post mar Oifigeach Chustaim agus Máil sa státseirbhís agus chaith sé naoi mbliana déag i Sasana leis an bpost sin. Ó bhí an post sin aige, chaithfeadh Cú Uladh féin agus a chlann aistriú ó áit go háit go minic. Bhí sé lonnaithe tamall i nDún na nGall, i mBéal Feirste, in Yorkshire, sa Bhreatain Bheag, i nGlaschú, i gCúil an tSúdaire agus i mBaile Átha Cliath. Bhí sé ina fhile, ina scríbhneoir, ina sheanchaí, ina dhrámadóir, ina bhall de Chonradh na Gaeilge agus ina Sheanadóir, tamaill éagsúla dá shaol.

Bhí baint an-mhór ag Cú Uladh le Conradh na Gaeilge riamh. Sa bhliain 1895 bhí an chéad chruinniú ag Craobh Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste i dteach Chú Uladh, 32 Bóthar Beersbridge. Bhí Cú Uladh ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge sna blianta 1922 go 1925 agus arís sna tríochaidí. Bhí sé ar an gCoiste Gnó ar feadh breis is daichead bliain agus bhí an-bhaint aige leis an gConradh i rith na mblianta sin.

Sa bhliain 1938 rinne Éamon de Valera, a bhí ina Thaoiseach san am, Seanadóir de, agus bhí sé ina Sheanadóir go lá a bháis ar an chéad lá de Mhí Iúil 1942. Ní labhraíodh sé ach Gaeilge sa Seanad nuair ab fhearr leis an gcuid is mó de na seanadóirí eile cloí leis an mBéarla.

Scríobh sé díolaim ghearrscéalta i gcanúint Uladh faoin teideal Ciall na Seanráite, agus sna blianta 1935-36, d'fhoilsigh sé sraith aistí ar An tÉireannach faoi Éirí Amach na Cásca. Tháinig na haistí i gcló faoi chlúdach leabhair sa bhliain 1992, faoin teideal Bliain na hAiséirí. Chomh maith leis an saothar thíos, scríobh Cú Uladh na céadta aistí, roinnt mhaith scéalta agus dánta freisin a d'fhoilsigh sé i nuachtáin agus irisí; An Claidheamh Soluis, Sinn Féin, Fáinne an Lae, Iris an Fháinne, The Nation, The Irish Nation, Tír, Irish Opinion, agus An Phoblacht ina measc.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. The Donegal Christmas Annual 1883 (eag.)
  2. Miondrámanna (1902)
  3. Handbook of Irish Teaching (1902)
  4. An Pléidseam (1903)
  5. Tá na Francaighe ar an Mhuir (1905)
  6. An Léightheoir Gaedhealach (1907)
  7. Eachtra Aodh Ruaidh Uí Dhomhnaill (1911)
  8. Conchubhar Mac Neasa (1914)
  9. Ciall na Sean-Ráidhte (1914). Athfhoilsiú: Ciall na Seanráite (1992). Seán Mac Aindreasa a chóirigh an t-eagrán nua.
  10. An Cogadh Dearg agus Scéalta Eile (1918)
  11. Scríobhnóirí Móra Chúige Uladh 1530-1750 (1925)
  12. Bliain na hAiséirí (1992). Éamon Ó Ciosáin a chuir in eagar.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]