Córas héilealárnach na gréine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Córas héilealárnach na Gréine

An fíoras go dtimpeallaíonn an domhan (is na pláinéid eile) an ghrian, ní hionann is an seanchreideamh go raibh an domhan fosaithe i lár na cruinne. Nicolaus Copernicus a chuir i gcás den chéad uair gurb amhlaidh a bhí, sa 16ú céad, agus ba é Galileo Galilei a chruthaigh é le ceann de na chéad teileascóip dá ndearnadh. Rinne Johannes Kepler grinnithe Galileo a fheabhsú, ag cruthú gur fithis éilipseach atá ag an domhan thart ar an ngrian.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Córas héilealárnach na Gréine". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 171.