Córas comhordanáideach sféarúil
Sa mhatamaitic, is éard is córas comhordanáideach sféarúil' ann ná córas comhordanáideach le haghaidh spáis thríthoisigh, áit ina mbíonn suíomh na rinne sonraithe ag trí uimhir: achar gathach na rinne ó bhunphointe seasta, a uillinn pholacha tomhaiste ó threo fhorair sheasta, agus asamat de chuid a theilgin ortagánaigh, ar phlána tagartha a théann tríd an bunphointe agus atá ortagánach chuig an fhorair, tomhaiste ó threo seasta tagartha ar an phlána sin. Is féidir é a thuiscint mar an leagan tríthoiseach den chóras comhordanáideach pholach.