Córas úiríneach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An córas fiseolaíoch a tháirgeann, a stórálann is a eisfhearann an fual. I mamaigh, cuimsíonn sé dhá dhuán, gach ceann acu ceangailte le sac matánach (an lamhnán fuail) le feadán caol snáithínmhatánach (an t-úiréadar). Fágann úiréadra amháin an lamhnán le dul don taobh amuigh den cholainn. Stóráiltear an fual go sealadach sa leamhnán roimh mhictiúradh ar feadh an úiréadra.