Cónghearrthaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Figiúir a ghearrann plána trí dhronchón ciorclach dúbailte. Má théann an plána trí stuaic V an chóin, is féidir go ngearrfaidh sé an cón ag pointe amháin V. Nó trí dhá líne dhíreacha trí V arb iad gineadóirí an chóin iad. Má bhíonn an plána ag dronuillinn le hais an chóin, gan é ag dul trí V, gearrann sé an cón i gciorcal. Má bhíonn sé gearrtha comhthreomhar le gineadóir an chóin, gearrtar parabóil. Má ghearrann an plána an cón ag uillinn ar bith eile, gearrann sé éilips nó hipearbóil.