Cóngas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cóngas

Gaolta idir daoine de bharr gur de shliocht duine ar leith amháin, a gcomhshinsear, iad. I ngach sochaí dhaonna bíonn a leithéid de ghaol fola suntasach agus éagsúil ó ghaolta le daoine eile. Bíonn idirdhealuithe éagsúla suntasacha eile idir gaolta tríd an máthair is tríd an athair, idir garghaolta is gaolta atá fada amach ó chéile, agus idir gaolta den ghlúin chéanna is ó ghlúnta difriúla. I sochaithe beaga neamhthionsclaíocha, is minic gurb iad na gaolta cóngais príomhbhunús na sochaí. Bíonn difríochtaí móra idir córais, ag brath ar phatrúin cónaithe, dlíthe pósta, nósanna oidhreachta is eile.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cóngas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 168.