Cóimheas Poisson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cóimheas Poisson

Cóimheas na straidhne i dtreo atá ingearach le treo an struis a cuireadh i bhfeidhm ar an ábhar agus na straidhne i dtreo an struis. Úsáidtear an tsiombail μ dó, agus is uimhir gan aonad é. Shaothraigh Siméon Poisson é. Mar shampla, tugann sé tomhas ar an laghdú ar thrastomhas slaite a shínítear ar a fad. Luachanna 0.1-0.4 a fhaightear de ghnáth.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cóimheas Poisson". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 529.