Cód Morse

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cód Morse

Cód dénártha chun teachtaireachtaí briathartha a tharchur a cheap Samuel Morse sna 1830idí. Seasann cuingriú sainiúil poncanna (gairide) is daiseanna (fada) do gach litir san aibítir, gach figiúir is gach marc poncaíochta. Mar shampla. is mar seo a dhéantar an glao guais SOS a chomharthú: · · · - - - · · ·. Saothraíodh cód feabhsaithe, cód idirnáisiúnta Morse, ag comhdháil Eorpach i 1851. I 1874 lainseáil an t-innealtóir Francach Jean Maurice Emile Baudot, cód níos fearr coigiltí. Úsáideadh ceann díobh i gcumarsáid ó long go tír go dtí 1999, agus úsáidtear i raidió amaitéarach iad an t-am ar fad.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cód Morse". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 470.