Cód Baudot

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cód Baudot

Cód chun teachtaireachtaí béil a tharchur i gcórais theileagrafacha, a cheap J. M. E. Baudot i 1874. Tugadh Cód Idirnáisiúnta Teileagraif 1 air. Ní hionann is cód Morse a úsáideann poncanna gearra is fleiscíní fada, úsáideann cód Baudot bíoga den fhad céanna agus iad ar líne nó as líne. Seasann teaglam ar leith de 5 ghiotánbhíog do gach uimhir, litir is marc poncaíochta. Ceapadh dhá shraith de 32 teaglam an ceann, sraith do na litreacha agus sraith eile do na huimhreacha is na marcanna poncaíochta. Tá an cód seo, leasaithe is leathnaithe, in úsáid fós i gcomhair cumarsáid idirnáisiúnta sreinge agus i gcórais meitéareolaíochta is nuachtán. I gcórais a tháinig chun cinn níos déanaí, baineadh feidhm as ilphléascadh chun cuid mhaith comharthaí comhuaineacha a tharchur ar shreang amháin. I gcóras mar seo, ní bhíonn úsáideoir ar leith ceangailte leis an tsreang ach le linn do litir amháin dá chuid a bheith á tarchur. Ach deimhin a dhéanamh de na comharthaí go léir atá le tarchur a shionchrónú, is féidir iad a scaradh is na litreacha cuí a sheoladh do na glacadóirí cuí, agus mar sin na teachtaireachtaí éagsúla a sheachadadh do na seoltaí cearta. Le teacht chun cinn na ríomhairí digiteacha sna 1960idí ceapadh ASCII, an Cód Caighdeánach Meiriceánach um Idirmhalartú Faisnéise, a úsáidtear go forleathan anois.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cód Baudot". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 65.