Cóbalt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachCóbalt

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach
Cóbalt sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachCo
Uimhir adamhach27
Mais adamhach58.933194
Cumraíocht leictreon[Ar] 3d⁷ 4s²
Peiriad, Grúpapeiread 4
Dúil Ghrúpa 9
Airíonna fisiceacha
Dlús8.92 kg/m⁻³
Leáphointe2,719, 1,768 agus 1,495
Fiuchphointe5,612, 3,200 agus 2,927
Leictridhiúltacht1.88
Ga ianach0.56, 0.65, 0.9 agus 0.55
Stair
AimsitheoirGeorg Brandt
Fionnachtain1735
Eapainmkobold

Is dúil cheimiceach é an cóbalt, agus is miotal é a bhfuil dlúthghaol aige leis an iarann. Is é an meáchan adamhach atá aige ná 58.933195(5) g·mol−1. Is é an uimhir adamhach atá ag an gcóbalt ná 27, agus is é Co an tsiombail a sheasann dó. Níl ach aon iseatóp cobhsaí amháin ag an gcóbalt, is é sin, 59Co. Is féidir iseatóip radaighníomhacha a tháirgeadh go saorga, agus is é 60Co an ceann is cobhsaí acu, nó is í an leathré atá aige ná 5.2714 bliain. Tagann béite-mheath radaighníomhach ar 60Co, agus é ag claochlú go 60Ni, ar ceann d'iseatóip chobhsaí na nicile é.

Miotal airgeadgheal nó liath é an cóbalt, agus fearómaighnéadas ann. Ní féidir teacht ar an gcóbalt sa dúlra i bhfoirm na dúile aonraithe, ach bíonn comhdhúile an chóbailt réasúnta coitianta. Is minic a fhaightear in éineacht nó in aice leis an nicil é. Tá cóbalt riachtanach san orgánach daonna féin, nó is cuid de vitimín B-12 é.

Is iad +2 agus +3 na huimhreacha ocsaídiúcháin is tábhachtaí, ach tá +1 ann chomh maith. Tá an iliomad comhdhúile ag an gcóbalt, agus úsáid á baint astu le freastal ar a lán riachtanaisí éagsúla. Mar shampla, is éard atá sa ghorm chóbaltach (cineál dath gorm) ná comhocsaíd an chóbailt (uimhir ocsaídiúcháin +2) agus an alúmanaim, CoAl2O4.

Úsáidtear an cóbalt i gcóimhiotail. Thairis sin, úsáidtear iseatóip radaighníomhacha an chóbailt mar rianairí sa mhíochaine - is é sin, cuirtear blúire beag den chóbalt radaighníomhach ag cúrsaíocht i gcolainn agus i meitibileacht an othair le súil is go gcuideodh sé leis an dochtúir galair áirithe, ar nós siadaí urchóideacha, a aithint. Tá an t-iseatóp úd 60Co in ann gámaradaíocht láidir a astú, agus úsáidtear é le cealla ailse a mharú freisin.

Le bheith beacht, ní hé an cóbalt a astaíonn na gáma-chathanna, ach an t-iseatóp nicile is toradh do bhéite-mheath an chóbailt. Fágann an béite-mheath an nicil flosctha - is é sin, luchtaithe le fuinneamh; agus caithfidh an t-adamh nicile an fuinneamh seo a astú uaidh le staid chobhsaí a bhaint amach.

Uaireanta, déantar tagairt do "bhuama cóbailt", mar shaghas buama adamhach atá níos urchóidí ná an gnáthchineál. Níor tógadh aon cheann den bhuama seo riamh, cé go raibh sé i mbéal an phobail tráth. Is éard a bheadh ina leithéid ná gnáthbhuama adamhach a mbeadh cóbalt ina thimpeall. Nuair a phléascfadh an buama, d'iompódh an gnáthchóbalt ina raidiseatóp - is é 60Co an t-iseatóp a bheadh i gceist - agus chuirfeadh sé go mór mór leis an truailliú radaighníomhach i ndiaidh na pléisce.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]