César Franck

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
César Franck

Cumadóir ceoil a rugadh i Liège na Beilge ab ea César Auguste Jean Guillaume Hubert Franck (10 Nollaig 18228 Samhain 1890). Cáil air as líon beag sárshaothar a chum sé agus é thar aois a 50. Is iad na cinn is fearr eolais orthu ná sonáid veidhlín, ceathairéad téide, siansa, agus na Variations symphoniques (Breachnuithe Siansacha, 1885) i gcomhair ceolfhoirne is pianó. I bPáras na Fraince a bhfuair sé bás.