Céislín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí AnatamaíochtCéislín
Sonraí
Laidintonsilla palatina
Cuid descornach
Aitheantóirí
TAA05.2.01.011
FMA9609 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
EB Onlinescience/tonsil
Téarmaíocht anatamaíoch

Cnuasaigh d'fhíocháin liomfóideacha a tharlaíonn ag bealaí isteach do chonair na riospráide is conair an díleá. Tá 4 chrios ar an dá thaobh den cholainn ar féidir go bhfásfaidh na cnuasaigh seo iontu. Bíonn na céislíní carballacha (a luaitear go coiteann mar na céislíní) taobh le bealach isteach fharaing an bhéil; na céislíní teangacha faoin eipitéiliam ar an gcuid cúil den teanga (gar d'fharaing an bhéil); na céislíní feadánacha i bhfaraing na sróine, gar d'oscailt fheadán na haireachteála; na céislíní faraingeacha gar do bhun na blaoisce os cionn an fheadán aireachtála agus taobh thiar de chuas na sróine (tugtar na hadanóidí orthu seo de ghnáth). Cruthaíonn an 4 phéire céislíní fáinne cosanta fíochán arbh í a phríomhfheidhm ná cosc a chur ar ionfhabhtuithe ar eite dul isteach sa cholainn.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Céislín". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 129.