Céachta léime stocán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ilchéachta a dearadh san Astráil i 1881 le níos mó ná deimheas amháin. Feidhmíonn na deimhis neamhspleách ar a chéile, agus is féidir talamh le stocáin is clocha móra a shaothrú leis. Bristear is milltear gnáthchéachta i gcoinníollacha mar sin. Baineadh feidhm as an gcéachta seo chun na tailte eoclaipe in oirdheisceart na hAstráile a oscailt is a shaothrú.