Cáit Ní Bhriain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Áras Bóirmhe, Sráid Mhulgrave, Luimneach i mí Aibreáin 2007, áit bhreithe Cháit Ní Bhriain sa bhliain 1897.

B’údar úrscéil agus dramaí Éireannach í Cáit Ní Bhriain (1897-1974) (Kate O’Brien as Béarla) a scríobh as Béarla.

Óige[athraigh | edit source]

Rugadh i Sráid Mhulgrave i gCathair Luimnigh í ar an 3ú Nollaig 1897. Ba thógalaí é a hathair agus tá tigh an teaghlaigh, Áras Bóirmhe, fós ina sheasamh ós comhair Ospidéal Meabhar-Ghalar Sheosaimh. D’éag a máthair in aois a cúig bhliana di agus chuaigh sí ar mheánscoil Cnoc na Labhras sa chathair.

Tar éis di freastal ar Choláiste Ollscoil Bhaile Átha Cliath, thosaigh sí ag obair le nuachtán an Manchester Guardian i Manchain, Sasana.

Saol i Sasana[athraigh | edit source]

Cuireadh a céad drama Distinguished Villa: A Play in Three Acts ar stáitse sa bhliain 1926 agus foilsíodh a céad úrscéal Without My Cloak cúig bhliain ina dhiaidh. Ach ba leis an úrscéal The Ante Room a bhain sí mór-chlú amach sa bhliain 1934. Bhain roinnt dá scríbhinni le téama an leisbeachais agus, dá bharr sin, cuireadh cosc ar foilsiú a h-úrscéalta Mary Lavelle agus The Land of Spices in Éirinn. Mhair an cosc go dti blianta na 1970í.

Níor phós sí riamh agus chaith sé an chuid is mó dá saol i Sasana. D'oibrigh sí le seirbhísí eolais na Breataine le linn An Dara Cogadh Domhanda. D’éag sí i gcathair Canterbury, Kent ar an 13ú Lúnasa 1974.

Oidhreacht[athraigh | edit source]

Tá bailiúchán mór da scríbhinni le feiscint I Leabharlann Glucksman in Ollscoil Luimnigh. Ath-fhoilsíodh a h-úrscéal deireannach As Music and Splendour(1958) sa bhliain 2005. Tagann slua mór gach bliain chun freastal ar dheireadh Seacthaine Cháit Ní Bhriain in Ollscoil Luimnigh.

Scríbhinni[athraigh | edit source]

  • Distinguished Villa: A Play in Three Acts (1926)
  • Without My Cloak (1931)
  • The Ante-Room (1934)
  • Mary Lavelle (1936) (as ar dheineadh an scannán, Talk of Angels, 1998)
  • Farewell Spain (1937)
  • Pray for the Wanderer (1938)
  • The Land of Spices (1941)
  • The Last of Summer (1943)
  • That Lady (1946) (As ar dheineadh an seó Broadway i 1949 agus an scannán i 1955)
  • Theresa of Avila (1951)
  • The Flower of May (1953)
  • As Music and Splendour (1958)
  • My Ireland (1962)
  • Presentation Parlour (1963)