Burning Man

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtBurning Man
Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
2014
Map
 40°47′06″N 119°12′18″W / 40.785°N 119.205°W / 40.785; -119.205
Cineálimeacht féiltiúil
féile ealaíne Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht1986 - 
Bunaitheoir(í)Larry Harvey, John Law agus Cacophony Society (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhBlack Rock Desert, Nevada (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata, Contae Pershing, Nevada, Nevada Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide

Suíomh gréasáinburningman.org Cuir in eagar ar Wikidata
Haischlib#BurningMan Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: burningman Twitter: burningman Instagram: burningman Youtube: UC2f0Hyn8S2iZdynqIgCIc-A Youtube: burningman Cuir in eagar ar Wikidata


Samhail fir faoi thine ag féile Burning Man

Is féile raidiciúil ealaíne, comhphobail agus féinléirithe bhliantúil a thiteann amach in Black Rock Desert i Nevada SAM é Burning Man. Maireann an fheil seachtain sa lá atá inniu ann ach thosaigh an fhéile sa bhliain 1986 ar Baker Beach in San Francisco.


10 mBunphrionsabal Burning Man | An Fear Dóite[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Cur san Áireamh Raidiciúil: Is féidir le héinne a bheith mar chuid de Burning Man. Cuirimid fáilte roimh strainséirí agus tá meas orthu leis. Níl aon réamhriachtanas ann le páirt a ghlacadh inár bpobal.
  • Bronnadh: Tá Burning Man gafa le bronntanais a thabhairt. Níl aon choinníoll ag baint le luach na mbronntanas. Níl aon súil le bronntanas eile nó ceann ar chomhluach mar thoradh ar rud a bhronnadh.
  • Dí-thráchtearrú: le spiorad an bhronnta a chaomhnú teastaíonn ónár bpobal timpeallachtaí sóisialta a chruthú nach bhfuil cur isteach ag urraíocht thráchtála, an gnó féin nó ag fógraíocht orthu. Seasaimid an fód lenár gcultúr a chosaint óna leithéid de dhúshaothrú. Cuirimid i gcoinne na n-iarrachtaí an tomhaltas a chur in áit páirt a ghlacadh sa saol.
  • Féinspleáchas raidiciúil: Spreagann Burning Man an duine aonair lena c(h)uid acmhainní inmheánacha a aimsiú, a fhorbairt agus a úsáid.
  • Féinleiriú Raidiciúil: Éiríonn an Féinleiriú Raidiciúil as buanna uathúla an duine. Níl éinne eile ann ar féidir leo seo a shainmhíniú ach an duine nó an mheitheal féin. Tugtar mar bhronntanas é do dhaoine eile. Ba chóir don té a thugann, meas a bheith aige/aici ar chearta agus ar shaoirse an fhaighteora.
  • Comhiarracht: Tá an-luach ag ár bpobal ar chomhoibriú agus ar chomhiarrachtaí. Déanaimid iarracht gréasáin shóisialta, áiteanna poiblí, saothair ealaíne a chruthú, a chur chun cinn agus a chosaint le cabhrú lena leithéid de chomhiarracht.
  • Freagracht Saoránaigh: Tá luach againn ar shochaí na saoránach. Ba chóir do na baill phobail sin a eagraíonn imeachtaí freagracht a ghlacadh as leas an phobail a chur chun cinn agus ba chóir iarracht a dhéanamh na freagrachtaí seo a chur in iúl do rannpháirtithe. Is gá dóibh an fhreagracht a bhaineann le himeachtaí a eagrú go dleathach pé áit a bhfuil siad ar siúl.
  • Ná Fág Rian ar Bith: Tá meas ag ár bpobal ar an timpeallacht. Tá díograis ionainn cinntiú nach bhfágtar rian fisiciúil i ndiaidh ár n-imeachtaí. Glanaimid an áit inár ndiaidh agus déanaimid iarracht, chomh fada agus is féidir, áiteanna a fheabhsú ionas go bhfuil leagan amach níos fearr orthu tar éis dúinn fágáil.
  • Rannpháirtíocht: Tá ár bpobal tiomanta eitic rannpháirtíochta raidicúil a chur chun cinn. Creidimid gur gá don athrú trasfhoirmithe, sa duine nó sa phobal, tarlú trí mheán na domhainrannpháirtíochta pearsanta. Is ionann déanamh agus a bheith beo. Cuirtear fáilte chun oibre agus chun spraoi roimh gach duine. Déantar domhan ina fhíordhomhan dúinn trí ghníomhaíochtaí a osclaíonn an croí a chur i gcrích.
  • Bheith sa Nóiméad: Is ionann bheith sa nóiméad agus ceann de na rudaí is tábhachtaí a gcreidimid ann. Déanaimid iarracht na constaicí a sheasann idir sinn agus sinn féin a aithint mar atá a shárú. Déanaimid iarracht, leis, an saol thart timpeall orainn a fheiceáil i gceart, páirt a glacadh sa tsochaí agus teagmháil a dhéanamh leis an dúlra atá thar fhórsaí an duine. Níl aon smaoineamh ann ar féidir leis áit an eispéiris seo a ghlacadh.