Bundúchasaigh na Tasmáine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Grúpa DaonnaBundúchasaigh na Tasmáine


Cineálgrúpa eitneach
Daonra iomlán5,000 (1803) Cuir in eagar ar Wikidata
Léarscáil dáileacháin
An ceathrar Bundúchasach dheireanacha den “fhíorphór”, c. na 1860í.

Ba iad Bundúchasaigh na Tasmáine bunmhuintir na Tasmáine (Van Diemens’s Land), oileán atá laisteas de mhórthír na hAstráile. B’fhéidir go raibh 15,000 duine acu ann sular tháinig lonnaitheoirí Briotanacha sa bhliain 1803.[1][2] Luaitear galracha Eorpacha mar an rud is mó ba chúis le scrios an phobail lán-Bhundúchasaigh.[3][4][5][6]

Faoin mbliain 1833, agus le cabhair ón Leifteanant-Ghobharnóir George Arthur, bhí George Augustus Robinson in ann áitiú ar thimpeall 200 Bundúchasach géilleadh agus é á rá leo go gcosnófaí iad agus go bhfaighidís a dtailte ar ais i ndeireadh na dála.[7] Aistríodh iad go dtí Wybalenna Aboriginal Establishment ar Oileán Flinders, áit ar mharaigh galracha mórán acu. Sa bhliain 1847 aistríodh an seacht nduine is daichead díobh a bhí beo fós go dtí Cuainín na nOisrí (Oyster Cove), laisteas de Hobart. Deirtear go minic gurbh iad Trugernanner (1812–1876) agus Fanny Cochrane Smith (1834–1905) na daoine deireanacha de shliocht lán-Bhundúchasach.[8][9]

Ní mhaireann aon teanga Thasmánach, cé go bhfuil daoine éigin ag iarraidh teanga nua a dhéanamh de na focail atá le fáil i gcáipéisí agus sa chaint.

Sa lá atá inniu ann tá roinnt mílte de shliocht Tasmánach Bundúchasach mar thoradh ar phóstaí measctha.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Roimh theacht na nEorpach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cósta na Tasmáine agus Victoria timpeall 14,000 bliain ó shin nuair a bhí leibhéal na farraige ag éirí.

Meastar gur tháinig daoine go dtí an Tasmáin timpeall 40,000 bliain ó shin thar dhroichead talún ó mhór-roinn na hAstráile i rith na hoighearthréimhse deireanaí. Nuair a d’éirigh an fharraige agus líonadh Caolas Bass fágadh na daoine leo féin ar feadh timpeall 8,000 bliain go dtí teacht na nEorpach i ndeireadh an 18ú haois.[10]

Sa bhliain 1990 tháinig seandálaithe ar ábhar in Uaimh Warreen i ngleann Abhainn Maxwell san iardheisceart a thaispeáin go raibh Bundúchasaigh ann chomh luath le 34,000 bliain ó shin. Sa bhliain 2010, sular tógadh droichead thar Abhainn Jordan, rinne seandálaithe tochailt ar stráice 600 méadar den bhruach agus tháinig ar neart uirlisí cloiche. Chuir an chéad dátú in iúl go raibh daoine ina gcónaí ann ó 40,000 bliain ó shin go dtí 28,000 bliain ó shin.[11]

Áitíonn scoláirí áirithe nach raibh fáil ag Bundúchasaigh na Tasmáine ar áiseanna de chuid na mór-roinne, ar nós sleánna friofraic, uirlisí cnáimhe, búmarang, duán, fuála agus adhaint tine.[12] Deirtear nach mbíodh acu ach aibhleoga a thugadh na fir leo ó áit go háit.[13][14] Ach tá a mhalairt de thuairim ag scoláirí eile,[15] agus tá cuntas ar adhaint tine ag na Tasmánaigh i gcáipéis de chuid na bliana 1887.[16] Deirtear freisin go raibh an oiread sin bia ann nach raibh gá ag na Tasmánaigh le teicneolaíocht chasta: bhíodh uirlisí cnáimhe acu ach d’imigh na huirlisí sin as úsáid nuair ba mhó stró a ndéanta ná an tairbhe a bhainfí astu.[17]

Cuirtear le fios gur stad Bundúchasaigh na Tasmáine de mhórán éisc a ithe timpeall 4,000 bliain ó shin agus thosaigh ag ithe níos mó pasam, cangarúnna agus valbaithe. Stad siad de bheith ag úsáid uirlisí cnáimhe agus bhain feidhm as uirlisí cloiche ina n-áit.[18] Tá an cheist seo pléite go géar. Déarfadh scoláirí éigin gur pobal mí-oiriúnaithe a bhí ann, ach deir scoláirí eile go raibh féarach á dhéanamh de scrobarnach ina lán áiteanna agus go raibh níos mó bia ann dá bharr. Is mó an t-éileamh a bhí ar oisrí agus ar rónta ná ar iasc, agus bh’fhéidir nárbh fhiú dul ag iascaireacht.[19] Cuireann an fhianaise sheandálaíochta in iúl go raibh na treibheanna ag leathnú a gcríoch ag an am agus go raibh sé sin ar siúl go fóill nuair a tháinig na hEorpaigh.[20]

Treibheanna Bundúchasacha na Tasmáine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thagaidís na Bundúchasaigh le chéile i dtrí shlí: mar theaghlaigh, mar dhronganna a mbeadh timpeall daichead duine iontu agus a ainm féin ar gach drong, agus mar threibheanna i ndúichí. Cé gur leis na treibheanna na dúichí úd théadh dronga ó áiteanna eile siar is aniar tríothu ar lorg bia. [21]

De réir meastachán difriúil bhí idir 3,000 agus 15,000 Bundúchasach sa Tasmáin.[22] Cuireann staidéir ghéiniteacha in iúl go raibh an figiúir i bhfad níos airde, ach b’fhéidir go ndearna galracha Eorpacha slad ar an bpobal roimh an mbliain 1803 de bharr teagmháil le sealgairí rónta.[23] Shíl Stockton (I983:68) go raibh 3,000 duine ann ar a laghad, ach bhí fánaíocht ghéiniteach íseal go leor, agus b’fhéidir go raibh an figiúr chomh hard le 100,000, gan buíochas don fhianaise seandálaíochta. Tá fianaise ann gur mó d’acmhainní a bhí ag le fáil sa Tasmáin ná sa mhórthír.[24]

Na chéad Eorpaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1772 thug longa Francacha faoi cheannas Marion Dufresne cuairt ar an Tasmáin. Ar dtús d’fhailtigh na Bundúchasaigh rompu, ach tháinig eagla orthu nuair a chonaic siad bád eile chucu. Dúradh gur caitheadh sleánna agus clocha: scaoil na Francaigh muscaeid leis na Bundúchasaigh: maraíodh duine acu siúd ar a laghad agus gortaíodh cuid eile. Bhí fáilte roimh dhá chabhlach Fhrancacha faoi cheannas Bruni d'Entrecasteaux sna blianta 1792 agus 1793 agus faoi cheannas Nicolas Baudin sa bhliain 1802.[25] Bhuail an Captaen James Cook go síochánta le Bundúchasaigh ar Oileán Bruny sa bhliain 1777. Ba é an scéal céanna ag an gCaptaen William Bligh é sa bhliain 1788.[26]

Thosaigh sealgairí rónta ón mBreatain agus ó Mheiriceá ag tabhairt cuairte ar oileáin Chaolas Bass agus ar chósta an tuaiscirt agus oirthir ón gcuid deiridh den 18ú haois amach. Thart faoin mbliain 1800 bhí sealgairí ag cur fúthu ar oileáin gan chónaí, rud a chuir ar a gcumas dul i dteagmháil le Bundúchasaigh sa Tasmáin féin.[27]

Thosaigh sealgairí agus Bundúchasaigh ag trádáil lena chéile. Ba bhréa leis na Bundúchasaigh madraí seilge, agus plúr, tae agus tobac, agus thabharfaidís craicinn changarúnna mar mhalairt orthu. Bhíodh mná Bundúchasacha á malartú freisin. Bhí a lán acu go han-mhaith chun rónta agus éin mhara a sheilg, agus chuirfí a scileanna siúd ar fáil, agus scileanna na bhfear uaireanta, ar feadh séasúr seilge na rónta. Uaireanta dhíolfaí mná, agus b’fhéidir go mbronnfaí cuid acu ar na hEorpaigh chun iad siúd a thabhairt isteach sa treibh. Chomh maith leis sin, dhéanadh na hEorpaigh mná a fhuadach, agus fiú i ndiaidh na bliana 1810, nuair a bhí formhór an sealgairí imithe de bharr ídiú na rónta, bhí timpeall caoga seanmhairnéalach agus athdhaoránach ar oileáin Chaolas Bass fós, agus teaghlaigh curtha ar bun acu le Bundúchasaigh mná.[28]

Chuaigh cuid de na mná leis na sealgairí rónta go toilteanach. Ní fios an arbh é sin cás Tarerenorerer (Eng:Walyer), bean a raibh iomrá léi mar cheannairceach.[29][30] Bhain sí leis na Punnilerpanner, ach nuair a d’éalaigh sí ó na sealgairí chuaigh sí leis na Plairhekehillerplue. Bhí sí i gceannas orthu agus iad ag ionsaí fostaithe den Van Diemen's Land Company. Ba é seo an chéad uair a bhain Bundúchasaigh feidhm as muscaeid. Gabhadh í ach dhiúltaigh sí dul ag obair agus cuireadh go dtí Oileán na bPiongainí (Penguin Island) í. Ina dhiaidh sin coinníodh í ar Oileán na nEalaí agus thug sí iarracht ar éirí amach a chur ar bun. Ní raibh de nós ag Bundúchasaigh mná dul i mbun cogaidh riamh, ach anois bhí a lán acu ag ionsaí Eorpach.[31]

Dúirt an staraí James Bonwick gur léir go raibh mná éigin fuadaithe ag sealgairí ach go raibh mná eile ann a bhí dílis dá bhfir nua agus a théadh abhaile le bronntanais.[32] Tugann sé cuntas ar an drochíde a thugadh sealgairí éigin do Bundúchasaigh mná.[33] Nuair nach raibh an oiread sin ban ar fáil le “trádáil” mhéadaigh ar an bhfuadach, agus sa bhliain 1830 dúradh go raibh caoga bean ar a laghad ina sclábhaithe ar oileáin Chaolas Bass.[34]

"Harrington, a sealer, procured ten or fifteen native women, and placed them on different islands in Bass's Straits, where he left them to procure skins; if, however, when he returned, they had not obtained enough, he punished them by tying them up to trees for twenty-four to thirty-six hours together, flogging them at intervals, and he killed them not infrequently if they proved stubborn." (H.W.Parker The Rise, Progress, and Present State of V. D. Land 1833)[35]

Tháinig laghdú tapa ar líon na mban i dtuaisceart na Tasmáine, agus faoin mbliain 1830 ní raibh ach triúr ban in oirthuaisceart na Tasmáine i measc 72 fear.[36] Ach maíonn mórán Bundúchasach Tasmánach gur de shliocht mhuintir na sealgaireachta iad.

Tar éis theacht na nEorpach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Robert Dowling: Group of Natives of Tasmania, 1859.

Idir na blianta 1803 agus 1823 bhí dhá thréimhse achrainn idir Bundúcahsaigh agus coilínigh. Idir na blianta 1803 agus 1823 bhí achrann ann faoi bhia ar nós oisrí agus cangarúnna. Idir na blianta 1808 agus 1823 bhí feirmeoirí, sealgairí rónta agus sealgairí míolta móra ag fáil Bundúchasaigh mná le trádáil nó le fuadach toisc a laghad sin ban bán a bheith ann. Bhíodh achrann faoi mhná idir na treibheanna dá bharr agus tháinig laghdú ar an daonra Bundúchasaigh. Bhí ceithre Bhundúchasach is seachtó(ar mhná a bhformhór mór) ina gcónaí le sealgairí ar oileáin Chaolas Bass anuas go dtí 1835.[37]

Faoin mbliain 1816 bhí mórán páistí Bundúchasacha á bhfuadach mar sclábhaithe. Sa bhliain 1814 chuir an Gobaharnóir Thomas Davey fógra amach á rá gur chuir an fuadach seo fearg air, agus sa bhliain 1819 chuir an Gobharnóir William Sorell an fógra amach arís agus d’ordaigh go gcuirfí páistí fuadaithe chun Hobart mar a gcothódh an rialtas iad.[38] Bhí a lán leanaí Bundúchasacha ina gcónaí le lonnaitheoirí. Thóg sealgaire Éireannach dar shloinne Ó Briain buachaill óg ar mhór an cúnamh dó é, ach bhí míghnaoi ag a mhuintir féin air mar go raibh gráin aige orthu de bharr a chuid oiliúna Eorpaí.[39] Taispeánann tuairiscí baiste gur tugadh sé leanbh is fiche isteach i dtithe lonnaitheoirí, agus cuireadh roinnt páistí Bundúchasacha chun Scoil na nDílleachtaí in Hobart.[40] Bhí ocht mBundúchasach is caoga idir óg agus fhásta ina gcónaí le lonnaitheoirí sa Tasmáin anuas go dtí an bhliain 1835.[41]

Deir staraithe áirithe nach fiú galracha Eorpacha a chur san áireamh roimh an mbliain 1829.[42] Deir staraithe eile, ar nós Geoffrey Blainey and Keith Windschuttle, gurb iad na galracha sin is mó a scrios daoine de shliocht lán-Bhundúchasach. Deir Keith Windschuttle nár shroich an bholgach an Tasmáin riamh ach go ndearna an fliú, an niúmóine, an eitinn agus galracha véinéireacha slad ar na Bundúchasaigh. Déanann an staraí James Bonwick agus an t-antraipeolaí H. Ling Roth, ag scríobh dóibh sa 19ú haois, tagairt do dhrochthoradh na ngalracha agus na neamhthorthúlachta. Mar a deir Josephine Flood: "Venereal disease sterilised and chest complaints - influenza, pneumonia and tuberculosis - killed".[43][44]

Thug Bonwick cuntas ar bhéaloideas Bundúchasach faoi aicíd fhorleata fiú roimh choilíniú foirmiúil sa bhliain 1803. “Mr Robert Clark, in a letter to me, said : 'I have gleaned from some of the aborigines, now in their graves, that they were more numerous than the white people were aware of, but their numbers were very much thinned by a sudden attack of disease which was general among the entire population previous to the arrival of the English, entire tribes of natives having been swept off in the course of one or two days' illness'.”[45] B'fhéidir gur tholg siad galracha ó mhairnéalaigh nó ó shealgairí rónta.[46]

Scríobh an t-antraipeolaí Henry Ling Roth:

Calder, who has gone more fully into the particulars of their illnesses, writes as follows ...: “Their rapid declension after the colony was founded is traceable, as far as our proofs allow us to judge, to the prevalence of epidemic disorders….”[47] Roth was referring to James Erskine Calder who took up a post as a surveyor in Tasmania in 1829 and who wrote a number of scholarly papers about the Aboriginal people. "According to Calder, a rapid and remarkable declension of the numbers of the aborigines had been going on long before the remnants were gathered together on Flinders Island. Whole tribes (some of which Robinson mentions by name as being in existence fifteen or twenty years before he went amongst them, and which probably never had a shot fired at them) had absolutely and entirely vanished. To the causes to which he attributes this strange wasting away ... I think infecundity, produced by the infidelity of the women to their husbands in the early times of the colony, may be safely added ... Robinson always enumerates the sexes of the individuals he took; ... and as a general thing, found scarcely any children amongst them; ... adultness was found to outweigh infancy everywhere in a remarkable degree ...[48]

Sa bhliain 1832 thug George Augustus Robinson athchuairt ar chósta thiar na Tasmáine, áit arbh fhada ón limistéar coilínithe í, agus scríobh: "The numbers of aborigines along the western coast have been considerably reduced since the time of my last visit [1830]. A mortality has raged amongst them which together with the severity of the season and other causes had rendered the paucity of their number very considerable".[49]

Idir na blianta 1825 agus 1831 d’aithin na coilínigh go raibh treallchogaíocht ar siúl ag na Bundúchasaigh. Is éard ba chúis léi méadú mór ar an ngrásaeireacht agus ar an daonra Eorpach. Bhi a lán Bundúchasach ina gcónaí i measc na gcoilíneach. Thugadh na coilínigh lón do na Bundúchasaigh a ghabhadh trasna an limistéar coilínithe de réir na séasúr, lón a bhíodh mar chúiteamh ar na seantailte sealgaireachta, ach bhí drogall ar choilínithe nua an socrú seo a choinneáil ar siúl, agus thosaigh na Bundúchasaigh ag goid bia ó bhotháin. Deireadh an Rialtas nárbh iad na Bundúchasaigh faoi deara an naimhdeas, ach nuair a crochadh Musquito sa bhliain 1825 ghéaraigh an díospóireacht. Dúirt na “daoine uaisle” nár cheart pionós a thabhairt do Bhundúchasaigh as a gcríoch a chosaint, ach b’fhearr leis an gcosmhuintir níos mó Bundúchasach a chrochadh lena gceansú. Thaobhaigh an Gobharnóir Arthur leis an gcosmhuintir. Thugadh an iris oifigiúil cuntas ar "retaliatory actions" de chuid na mBundúchasach, ach sa bhliain 1826 thug sé tuairisc ar "acts of atrocity". Shocraigh an Rialtas go ndíbreodh saighdiúirí an Bundúchasaigh as an limistéar áitrithe. Chuir Fógra Ríoga de chuid na bliana 1828 urphoist mhíleata á mbunú ar na teorainneacha, agus fógraíodh go gcuirfí dlí míleata i bhfeidhm ar Bhundúchasaigh. Aithníodh go raibh bealaí traidisiúnta ann le haghaidh imirce shéasúrach, ach b’éigean do Bhundúchasaigh pasanna a bheith acu. Tugadh duaiseanna as daoine gan phas a ghabháil, £5 an duine fásta agus £2 an páiste. Is minic a tharla seilg dá bharr agus a maraíodh Bundúchasaigh. Deir an Gobharnóir Arthur sna tuairiscí a chuir sé chun an Rúnaí Stáit gurbh iad na coilínigh féin ba chúis leis an marú.[50].

Bhí na Bundúchasaigh scanraithe ag an gCogadh Bundúchasach (“Black War”) sna blianta 1828-32 agus ag Locadh na mBundúchasach (“Black Line”) sa bhliain 1830. D’éirigh le mórán Bundúchasach éalú ón locadh sin, ach thug an scéal an oiread sin suaitheadh intinne dóibh go raibh siad sásta géilleadh do Robinson agus dul go dtí Oileán Flinders.

Fianaise sna cáipéisí ar mharú agus ar ghabháil 1800-1835[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is dócha gur fomheastachán atá sna figiúirí.[51]

Treibh An líon a gabhadh An líon a lámhachadh Lonnaitheoirí a maraíodh
Cuas na nOisrí 27 67 50
An tOirthuaisceart 12 43 7
An Tuaisceart 28 80 15
An Abhainn Mhór 31 43 60
An Lár Tíre Thuaidh 23 38 26
Beinn Laomainn 35 31 20
An tIarthuaisceart 96 59 3
An Cósta Thiar Theas 47 0 0
An tOirdheisceart 14 1 2
An tIomlán 313 362 183

Atháitriú na mBundúchasach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa chuid deiridh den bhliain 1831 thug George Augustus Robinson 51 Bundúchasach leis go dtí áit ar Oileán Flinders a dtugtaí The Lagoons uirthi. Tharla nach raibh sí oiriúnach toisc go raibh sí gan uisce agus rite le gaoth, agus nach raibh talamh insaothraithe ann. Mura bhfuair na Bundúchasaigh prátaí ó shealgairí agus teacht ar chánóga earrghearra a bheith acu bheidís marbh le hocras. Laistigh de roinnt míonna cailleadh duine is tríocha acu.[52]

They were lodged at night in shelters or "breakwinds." These "breakwinds" were thatched roofs sloping to the ground, with an opening at the top to let out the smoke, and closed at the ends, with the exception of a doorway. They were twenty feet long by ten feet wide. In each of these from twenty to thirty blacks were lodged ... To savages accustomed to sleep naked in the open air beneath the rudest shelter, the change to close and heated dwellings tended to make them susceptible, as they had never been in their wild state, to chills from atmospheric changes, and was only too well calculated to induce those severe pulmonary diseases which were destined to prove so fatal to them. The same may be said of the use of clothes ... At the settlement they were compelled to wear clothes, which they threw off when heated or when they found them troublesome, and when wetted by rain allowed them to dry on their bodies. In the case of Tasmanians, as with other wild tribes accustomed to go naked, the use of clothes had a most mischievous effect on their health.[53]

Benjamin Duterrau, Mr Robinson's first interview with Timmy, 1840

Faoi Eanáir 1832 bhí cheithre Bhundúchasach is daichead eile ann agus bhí na treibheacha difriúla i mbun troda. Aistríodh go dtí an tOileán Glas iad ach tugadh ar ais go dtí The Lagoons iad. I nDeireadh Fómhair 1832 socraíodh ar champa nua a thógáil ar Oileán Flinders. Thugtaí Wybalenna air.[54] Sa bhliain 1833 d’éirigh le Robinson áitiú ar an gcéad caoga is ceithre dhuine de shliocht “lán-Bhundúchasach” dul ann. Tugadh tithe, lón, éadaí dóibh, agus bhí scoil agus dochtúir ann. Daoránaigh a dhéanadh an chuid is mó den obair.[55] Baineadh páistí idir sé bliana agus cúig bliana déag dá muintir chun go dtógfadh an fear stórais agus seanmóirí tuata iad.[56] Bhí cead ag na Bundúchasaigh an t-oileán a shiúl, agus ba mhinic amuigh ag seilg iad toisc gur ghann é an lón. Faoin mbliain 1835 bhí an scéal chomh dona sin go ndeachaidh Robinson i gceannas chun bail níos fearr a chur ar chúrsaí. Ach i gceann ceithre bliana déag cailleadh an chuid is mó den dá chéad is fiche duine a tháinig ann le Robinson. Is beag leanbh a rugadh nó a tháinig slán ina dhiaidh sin.

Dream Chuas na nOisrí

Sa bhliain 1839 cheap an Gobharnóir Franklin coiste chun Wybalenna a scrúdú. Dúirt an tuairisc go raibh an scéal go dona fós, cé nár admhaíodh an méid sin go poiblí. I Mí Mhárta 1847 thug seisear Bundúchasach ó Wybalenna achainí don Bhanríon Victoria, ag iarraidh go seasfaí leis na gealltanais a tugadh dóibh faoin mbail a chuirfí orthu. I Mí Dheireadh Fómhair 1847 aistríodh na seacht mBundúchasach is daichead a bhí beo fós go dtí Cuas na nOisrí.[57] Tháinig 44 duine acu slán (aon lánúin déag, dáréag fear gan phósadh agus deich bpáiste) agus cuireadh na páistí chun Scoil na nDílleachtaí in Hobart.[58] Ní raibh an áit nua sláintiúil. Thug na Bundúchasaigh iarracht ar a ndúchas a shaothrú fós, rud nár thaitin leis na húdaráis toisc gur chomhartha “míbhuíochais” é. Ní raibh beo díobh sa bhliain 1859 ach timpeall dáréag, agus cailleadh an duine deireanach sa bhliain 1876.

Na hantrapeolaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó sheascaidí an 19ú haois amach bhí iarsmalanna ag iarraidh baill de choirp Bhundúchasacha nó cnámharlacha a fháil chun léargas a fháil ar ghnéanna den phailé-antraipeolaíocht. Bhí glaoch ar leith ar chloigne Tasmánacha. Bhain Cumann Ríoga na Tasmáine corp Truganini aníos sa bhliain 1878 agus bhí a cnámharlach ar taispeáint i Músaem na Tasmáine anuas go dtí an bhliain 1947.[59]

Shíl Bundúchasaigh riamh go bhfuil lorg an dímheasa ar bhailiúcháin den saghas sin, mar níl an t-anam suaimhneach go gcuirtear ina áit dhúchais. Tá coirp Bhundúchasacha á dtabhairt ar ais go fóill.

Dhéanadh Astrálaigh neamh-Bhundúchasacha talamh slán de go raibh Bundúchasaigh na Tasmáine “imithe in éag”. Ó sheachtóidí an 20ú haois i leith, áfach, tá gníomhaithe ag iarraidh a chur in iúl go bhfuil sliocht na mBundúchasach úd ann go fóill.

Níl pobal Bundúchasach na Tasmáine ar aon intinn, áfach, faoi nádúr an “Bhundúchasachais”. Scar na Palawa leis na Lia Pootah sa bhliain 1996, agus tugadh údarás dóibh a shocrú cé hiad na daoine ar de shliocht Bundúchasach iad sa Tasmáin agus ceart acu dá réir ar sheirbhísí Bundúchasacha. Ní aithníonn na Palawa ach daoine ar de shliocht phobal Chaolas Bass iad: deir na Lia Pootah, de réir foinsí béaloidis, gur de shliocht na mBundúchasach a d’fhan sa Tasmáin iad. Is dóigh leis na Lia Pootah nach labhraíonn Lárionad Bundúchasach na Tasmáine thar a gceann toisc gurb iad na Palawa a reachtálann é.[60][61] Ón mbliain 2007 i leith tá daoine ag iarraidh tástáil DNA a úsáid chun ginealaigh a dhéanamh amach. Cuireann na Palawa in aghaidh úsáid na tástála seo, ach deir na Lia Pootah gur fearr í ná an an bealach atá anois ann chun an Bundúchasachas a dhearbhú.[62]

I Mí Aibreáin 2000 phléigh an Legislative Council Select Committee on Aboriginal Lands a dheacra a bhí sé an Bundúchasachas a dheimhniú de réir an bhéaloidis. Thug an tOllamh Cassandra Pybus sampla de seo: chuir béaloideas phobal Bundúchasach Ghleann Huon agus Chaolas D’Entrecasteaux in iúl gur de shliocht beirt Bhundúchasach mná iad, ach thaispeáin an taighde gur dhaoránaigh iad na mná a bhí i gceist. Fadhb eile ba ea na lonnaitheoirí neamh-Eorpacha. B’Afrai-Mheiriceánaigh iad suas le sé chéad duine de na daoránaigh, agus níor de shliocht Eorpach cuid de na saorlonnaitheoirí. B’fhéidir gur de shliocht beirt Afracach a ghlac deontais talún ar Oileán Bruny is ea an pobal Bundúchasach atá ina gcónaí anois ann. Tá fiche Afrai-Mheiriceánach agus Lascar le fáil i ndaonáireamh Hobart na bliana 1818, agus tá deichniúr Indiach agus Afracach ar tugadh deontais talún i lár na Tasmáine dóibh ar liosta paisinéirí an Lady Nelson. Slogadh clann na lonnaitheoirí seo sa phobal mór toisc nach ndearnadh aon idirdhealú riamh idir iad agus na lonnaitheoirí Eorpacha.[63]

Tá na Palawa ag iarraidh teanga Thasmánach a dtugtar palawa kani uirthi a athchruthú as focail i seantuairiscí ar na teangacha Tasmánacha.

Reachtaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

I Mí an Mheithimh 2005 rinne Comhairle Reachtaíochta na Tasmáine sainmhíniú nua ar an mBundúchasachas san Aboriginal Lands Act.[64] Ritheadh an Bille chun go gcuirfí toghcháin ar siúl don Chomhairle Tailte Bhundúchasach. Is féidir le duine a mhaíomh gur Bundúchasach Tasmánach é de réir na gcritéar seo:

  • Sinsearthacht
  • Féinaitheantas
  • Aitheantas pobail

Cúiteamh a dhéanamh leis na “Glúine Fuadaithe”"[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 13 Lúnasa 1997 rinneadh Ráiteas um Leithscéal (faoi fhuadach páistí) a dtoiligh Parlaimint na Tasmáine d’aonghuth leis, á rá go an Teach doilíosach i ngeall ar na beartais ba chúis le fuadach páistí Bundúchasacha.

I Mí na Samhna 2006 ba í an Tasmáin an chéad Stát san Astráil a thairg cúiteamh airgid do na Glúine Fuadaithe, Bundúchasaigh ar fhuadaigh gníomhaíochtaí stáit agus misin eaglaise óna muintir iad idir na blianta 1900 agus 1972.

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. From Terror to Genocide: Britain’s Tasmanian Penal Colony and Australia’s History Wars[nasc briste go buan]
  2. Rhys Jones:3,000-5,000, N. J. B. Plomley: 4,000–6,000, Henry Reynolds: 5,000–7,000, Colin Pardoe: 12,000+ and David Davies: 15,000.
  3. Bonwick, James (1870). Daily Life and Origins of the Tasmanians, lgh 84-85. Sampson, Low, Son and Marston, London
  4. Bonwick, James (1870). The Last of the Tasmanians lch 388. Sampson Low, Son & Marston, London
  5. Flood, Josephine (1996). The Original Australians: Story of the Aboriginal People, lgh 66-67. Allen & Unwin
  6. Windschuttle, Keith (2002). The Fabrication of Aboriginal History. Volume One: Van Diemen's Land 1803-1847, lgh 372-376. Macleay Press, 2002
  7. 'Van Diemen's Land' James Boyce 2009 p.297
  8. Tá cás Trugernanner agus cás na beirte eile, Suke and Fanny Cochrane Smith, pléite ag Rebe Taylor, Unearthed: the Aboriginal Tasmanians of Kangaroo Island,Wakefield Press, 2004 pp 140ff.
  9. Deir Lyndall Ryan in The Aboriginal Tasmanians, 1996, lch 220, gurbh í Suke (a cailleadh c. 1888) an lán-Bhundúchasach deireanach.
  10. Pardoe, Colin (1991). ‘Isolation and Evolution in Tasmania’ in Current Anthropology, Volume 32, Issue 1, lgh 1–27
  11. Archaeology News, March 2010
  12. Diamond, Jared (1999). Guns, Germs, and Steel, lch 492. Norton. ISBN 0-393-06131-0}}
  13. "Australian Bureau of Statistics", 26 March 2008: http://www.abs.gov.au/Ausstats/abs@.nsf/dc057c1016e548b4ca256c470025ff88/F6FA372655DCC15FCA256C3200241893?opendocument: Aboriginal Occupation: ABS
  14. Ryan, Lyndall (1996, second ed.). The Aboriginal Tasmanians, lch 313. Allen & Unwin. ISBN 1-86373-965-3
  15. Taylor, Rebe ‘The polemics of making fire in Tasmania: the historical evidence revisited’ Aboriginal History Journal, Vol 32, 2008, at ANU E Press
  16. Cotton, Edward Notes on the Tasmanian Aborigines Octavius, 1887
  17. Murray
  18. Ryan 1996
  19. Manne, Robert (2003). Whitewash, lgh 317-318. Schwartz Publishing. ISBN 0-9750769-0-6
  20. Tasmania 2005: Aboriginal occupation Australian Bureau of Statistics 13 September 2002
  21. Ryan 1996, lgh 10-11
  22. Madley
  23. Bonwick1, lgh 84-85
  24. Pardoe
  25. Flood 2006, lgh 58-60
  26. Bonwick2, lgh 3-8
  27. Flood 2006, lgh 58-60, 76
  28. Flood 2006, lgh 58-60
  29. McFarlane, 2008: 119
  30. Ryan 1996, lch 141
  31. Merry
  32. Bonwick2, lgh 295-297
  33. Bonwick2, lgh 295-301
  34. Kay Merry The Cross-Cultural Relationships Between the Sealers and the Tasmanian Aboriginal Women at Bass Strait and Kangaroo Island in the Early Nineteenth Century pdf Curtha i gcartlann 2007-09-14 ar an Wayback Machine, Flinders University Department of History 2003
  35. Roth, Henry Ling: The Aborigines of Tasmania, F. King & Sons, Halifax U.K. 1899
  36. Flood 2006, lgh 58-60
  37. Ryan 1996, lch 313
  38. Bringing them Home - The Report Human Rights and Equal Opportunity Commission
  39. Merry
  40. Flood 2006, lch 77
  41. Ryan 1996, lch 176
  42. Boyce, James (2008): Van Diemen’s Land, lch 65. Black Inc. ISBN 978-1-86395-413-6
  43. Flood 2006, lgh 77, 90, 128
  44. Windschuttle, lgh 372-376
  45. Bonwick1, lgh 84-85
  46. Flood 2006, lgh 66-67
  47. H.Roth
  48. H.Roth, lgh 172-173
  49. Plomley, N. J. B. (ed.), Friendly Mission, Tasmanian Historical Research Association, Hobart, 1966, lch 695, Robinson ag scríobh chun Edward Curr, 22 Meán Fómhair 1832
  50. Cove, John J (1996). What the Bones Say: Tasmanian Aborigines, Science, and Domination, lgh 25-29. McGill-Queen's Press – MQUP. ISBN 0-88629-247-6
  51. Ryan 1996, lgh 313-314
  52. H.Roth, lch 3
  53. H.Roth
  54. H.Roth
  55. Flood 2006, lch 88, citing Reynolds
  56. HREOC
  57. Bonwick2, lgh 270-295
  58. HREOC
  59. Trugernanner (Truganini) (1812? - 1876), Australian Dictionary of Biography
  60. Tasmanian Aboriginal Historical Service" 26 March 2008:http://www.tasmanianaboriginal.com.au: 'Who makes up the Tasmanian Aboriginal community?' Lia Pootah Community
  61. Agallamh le Kaye McPherson (seanóir Lia Pootah) Four Corners Australian Broadcasting Corporation 26 August 2002
  62. Matthew Denholm, "A bone to pick with the Brits" Curtha i gcartlann 2008-10-06 ar an Wayback Machine, The Australian, 17 February 2007.
  63. Legislative Council Select Committee on Aboriginal Lands Curtha i gcartlann 2012-08-12 ar an Wayback Machine 10 April 2002
  64. Tasmanian Legislation - Aboriginal Lands Act 1995

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]