Bun Abha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Trá

Sráidbhaile in Éirinn is ea Bun Abha, Annestown i mBéarla. Tá sé suite ar chósta Chontae Phort Láirge idir Dún Garbháin agus Trá Mhór. Taitníonn an áit leis na surfálaithe. Níl ach sráid amháin sa sráidbhaile, agus níl aon siopa ná tigh tábhairne ann, murab ionann agus an chuid is mó de shráidbhailte na hÉireann. Scrios lucht Chromail caisleán Dhún Aill, ach tá na fothracha fós le feiscint. Tá dún ceann tíre sa cheantar, leis.

Naisc[athraigh | edit source]