Bunúsaíochas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Bunúsaíocht)
Ian Paisley, 1970

Is é is bunúsaíochas,[1]bunchreidmheachas (fundamentalism), ann ná ciallú righin coimeádach, na scrioptúr reiligiúnda de ghnáth (ach tá ciallacha eile eile ann, mar shampla, bunúsaíochas eolaíochta).

Baineann an téarma seo le dearcadh nó gluaiseacht (reiligiúnach de ghnáth) a bhíonn bunaithe are phrionsabail bhunúsacha, a mholann cloí go dlúth leo sin, agus go minic a bhíonn beag beann ar thuairimí contrárthacha agus go láidir i gcoinne an dí-eaglaiseachais.[2]

Is é an chiall is minicí a bhaintear as an bhfocal "bunúsaíoch"[3] sa ghnáthchaint ná go seasann duine do ghluaiseachtaí frith-nua-aoiseacha. Tá na daoine seo ábalta, fiú, dul i muinín na sceimhlitheoireachta lena dtoil a chur i bhfeidhm ar na daoine go léir.

an domhan cothrom

Stair an Bhunúsaíochais Chríostaí sna Stáit Aontaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunús an Bhunúsaíochais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhunchiall, is ionann bunúsaíochas agus gluaiseacht a tháinig ar an bhfód i measc Phrotastúnaigh na Stát Aontaithe, i measc na bPreispitéireach ach go háirithe, go gairid roimh an Chéad Chogadh Domhanda. B'iad diagairí agus acadúlaigh na Scoile Diagachta i bPrinceton an dream ba mhó a chuir tús leis an ngluaiseacht seo. Bhí an ghluaiseacht dírithe ar an gCríostaíocht Phrotastúnach a chosaint ar an nua-aoiseachas agus ar na naimhde eile, cosúil leis an gCaitliceachas, an Sóisialachas, an t-aindiachas, an Darwineachas, cineálacha éagsúla na hasarlaíochta agus, thar aon rud eile, an diagacht liobrálach. Fuair an ghluaiseacht a hainm ón tsraith de leabhair a foilsíodh sna blianta 1910-1915, agus iad ag trácht ar na naimhde thuasluaite agus ar an dearcadh a bheadh ag an bProtastúnach ceartchreidmheach orthu: The Fundamentals - d'fhéadfá "Na Fírinní Bunúsacha" a thabhairt ar an tsraith sin as Gaeilge. Cé gur fhorbair an bunúsaíochas i measc na bPreispitéireach, bhí baint ag údair na leabhar seo lena lán eaglaisí Protastúnacha éagsúla, agus b'as Sasana do chuid acu, seachas as Meiriceá. Chuir lucht na n-eaglaisí eile, na Baistigh mar shampla, suim sna scríbhinní seo, agus tháinig dreamanna neamhspleácha bunúsaíocha chun saoil nach raibh baint ar bith acu leis na heaglaisí traidisiúnta.

An Téarma Féin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Creidtear gurb é Curtis Lee Laws, agus é ag scríobh ar an bpáipéar úd Christian Watchman-Examiner, ba thúisce a bhain úsáid as an téarma bunúsaí (Fundamentalist), thiar sa bhliain 1920. Chualathas an téarma anseo agus ansiúd i dtús na bhfichidí, agus tagairt á déanamh dóibh siúd a bhí ag cosaint an leagan traidisiúnta den Chríostaíocht Phrotastúnach, mar mhalairt ar an "Liobrálachas". Thug an Baisteach John Roach Straton The Fundamentalist ar an bpáipéar a bhí sé a fhoilsiú sna fichidí. Ní raibh gach duine sásta leis an téarma, áfach. Cé go raibh dearcadh bunúsaíoch ag an scoláire Preispitéireach úd Gresham Macken, ba leasc leis "bunúsaí" a thabhairt air féin, mar a bheadh reiligiún nua i gceist, seachas an seanchreideamh a bhí ann ó laethanta Íosa féin anuas, mar a tuigeadh dó féin é.

Cogadh na Liobrálach agus na mBunúsaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

I rith na bhfichidí, bhí cineál cogaidh á chur ag na Liobrálaigh agus ag na Bunúsaithe ar a chéile sna heaglaisí móra i dtuaisceart na Stát Aontaithe. Is é an tuiscint a bhí ag na Bunúsaithe ar an gcath ná go raibh siad ag troid reiligiún neamh-Chríostaí a bhí tar éis a sheadú a dhéanamh taobh istigh de na heaglaisí féin, leis an bhfíor-Chríostaíocht a chosaint ar an gcreideamh coimhthíoch seo. Ina leabhar Christianity and Liberalism ("An Chríostaíocht agus an Liobrálachas"), thug Macken "liobrálachas" ar an gcreideamh sin, ach ina dhiaidh sin, d'éirigh sé ní ba choitianta "nua-aoiseachas" a thabhairt air.

Cé gurbh é dearcadh na nua-aoiseach, cosúil leis an mBaisteach Liobrálach Harry Emerson Fosdick, go raibh siad féin ina gCríostaithe chomh maith le duine, níor aontaigh na bunúsaithe leo. Bhí na bunúsaithe géarbharúlach go raibh na liobrálaigh ag cur na fíor-Chríostaíochta ó mhaith, agus an dóigh a raibh siad ag lorg tuiscint agus ciallú nua do choincheap na Críostaíochta, lena chur in oiriúint do smaointeachas agus d'eolaíocht na nua-aoise. B'é an tuairim a bhí ag na bunúsaithe gurb ar an nua-aois féin, seachas ar an gCríostaíocht thraidisiúnta, a bhí an locht, mura raibh an dá chuid ag teacht le chéile.

B'iad na Preispitéirigh agus na Baistigh na sainchreidimh ba mhó a bhí ina gcnámh spairne sna cogaí eaglasta idir na Liobrálaigh agus na Bunúsaithe, ach b'iad Baistigh an Deiscirt ba mhó a thuill clú an bhunúsaíochais dóibh féin sna Stáit Aontaithe.

Scarúint na mBunúsaithe agus Ré an Nua-Cheartchreidmheachais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Timpeall na bliana 1926, bhí sé soiléir nach raibh na bunúsaithe in ann ruaigeadh a chur ar na nua-aoisigh as aon sainchreideamh. Sna tríochaidí, d'athraigh an téarma féin ciall. Tosaíodh ag tabhairt "bunúsaithe" ar na scarúnaithe - is é sin, iad siúd a bhí ag bunú eaglaisí agus sainchreidimh nua le teacht slán ó na liobrálaigh ina gcuid teampall féin.

Thairis sin, níorbh iad na bunúsaithe an t-aon dream amháin, san am seo, a bhí ag criticeoireacht na diagachta liobrálaí. Tháinig an nua-cheartchreidmheachas ar an bhfód, a bhí idir eatarthu idir an liobrálachas agus an bunúsaíochas. B'é an diagaire Eilvéiseach Karl Barth an smaointeoir ba thábhachtaí de chuid an tsrutha seo. B'é a dhearcadh siúd go raibh na bunúsaithe sa mhícheart agus an dóigh a raibh siad ag áitiú go raibh an Scrioptúr fíor cruinn gan oiread is aon earráid amháin. San am céanna, áfach, bhí Barth den tuairim go raibh na liobrálaigh sa mhícheart agus iad ag tréigean an Bhíobla i bhfách leis an gcultúr daonna. Thaispeáin an Chéad Chogadh Domhanda, dar le Barth, nár leor an cultúr léannta leis an duine a choinneáil ar bhealach ceart na moráltachta, ó bhí daoine léannta cultúrtha ábalta ar a leithéid de chogadh a chur le chéile. Mar sin, b'fhearr filleadh ar an mBíobla mar fhoinse na moráltachta. Fuair smaointeachas nua-cheartchreidmheach Barth an-tacaíocht san Eoraip agus sna Stáit Aontaithe, áit a raibh sé á chraobhscaoileadh ag beirt diagairí mór le rá de phór Gearmánach, Reinhold Niebuhr agus Helmut Richard Niebuhr.

Scoilt na Soiscéalach ó na Bunúsaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna 1940idí, bhí na bunúsaithe scarúnacha in achrann a chéile faoi cheist an scarúnachais féin. Bhí cuid acu den bharúil nach raibh sé chomh ciallmhar sin acu, i ndiaidh an iomláin, a gcuid eaglaisí féin a bhunú in áit a bheith ag obair laistigh de na sainchreidimh mhóra. Iad siúd a chloígh lena gcuid eaglaisí scarúnacha féin, choinnigh siad seanainm na mbunúsaithe freisin. An chuid eile acu, áfach, thréig siad an t-ainm sin, agus thosaigh siad ag tabhairt "soiscéalachas" (evangelicalism) ar an rud a bhí idir lámhaibh acu féin. Chuaigh siad ar lorg comhoibriú leis na heaglaisí móra traidisiúnta, agus iad ag déanamh teanntáis do na baill cheartchreidmheacha de na sainchreidimh sin. B'iad Carl F.H. Henry agus Kenneth Kantzer fir mhóra na gluaiseachta soiscéalaí, agus baint ag Billy Graham, ní ba deireanaí, leis na soiscéalaigh. Cé go raibh dlúthbhaint ag na bunúsaithe scarúnacha agus ag na soiscéalaigh le chéile i gcónaí ó thaobh na heagraíochta agus na diagachta de, chuaigh an scoilt eatarthu go domhain. Bhí na scarúnaithe barúlach go raibh na soiscéalaigh ag tabhairt isteach don Chumannachas agus don Liobrálachas, nach raibh siad ag cáineadh peacaí pearsanta, cosúil leis na peacaí collaí, sách géar, agus go raibh siad róshantach sa measúlacht shóisialta agus intleachtúil le cath maith a chur ar son Íosa. San am céanna, bhí na soiscéalaigh inbharúla go raibh na scarúnaithe ag cur eagla agus coimhthíos ar na daoine leis an stiúir naimhdeach a bhí fúthu i leith na sochaí go léir taobh amuigh dá gcuid eaglaisí.

Ag Filleadh ar an Saol Saolta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí na bunúsaithe scarúnacha ar nós cuma liom i leith na polaitíochta ar dtús. Cé a rachadh le polaitíocht agus an domhan mór ag imeacht chun an donais cibé? B'fhearr fanacht siar agus cloí leis an seanchreideamh. Sna seachtóidí, áfach, thosaigh na scarúnaithe féin ag cur spéise i gcúrsaí polaitíochta arís. Bhí siad thar a bheith míshásta leis an gcuma a tháinig ar an tsochaí i ndiaidh na seascaidí, nuair a scaoileadh iomlán an scóid leis an gcollaíocht, mar shampla. Chuaigh siad i gcomhghuaillíocht le Críostaithe coimeádacha eile, agus iad ag iarraidh a smacht féin a chur i bhfeidhm ar na heaglaisí traidisiúnta. Sa deireadh thiar thall, d'éirigh an teorainn idir na bunúsaithe i mbunchiall stairiúil an téarma agus na Críostaithe coimeádacha eile sách doiléir.

An Bunúsaíochas mar Fheiniméan[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is minic a bhaintear úsáid an ghnáthmhasla as an bhfocal sin "bunúsaíochas" i mbriatharchathanna sna meáin chumarsáide agus sa dioscúrsa polaitiúil, go háirithe le tagairt a dhéanamh do gach sórt antoisceachais, cosúil le grúpaí nach bhfuil ach ag cur cuma an reiligiúin ar an náisiúnachas biogóideach Faisisteach atá idir lámhaibh acu. Mar sin féin, is féidir sainmhíniú níos cruinne ná sin a thabhairt ar an mbunúsaíochas. Gluaiseacht bhunúsaíoch atá i gceist, más gluaiseacht atá ann atá ag iarraidh filleadh ar fhoinsí an chreidimh, ar na prionsabail a bhfuil an creideamh féin bunaithe orthu. Thar aon rud eile, tagraíonn sé do shainghrúpaí reiligiúnda a choinníonn iad féin scartha ón ngrúpa ar tháinig siad as, toisc go bhfuil siad den tuairim go ndearna an bunghrúpa neamhshuim agus dearmad de na prionsabail bhunaidh, ar mhaithe le prionsabail nua, choimhthíocha, nach bhfuil ag teacht le dúchas an chreidimh chirt.

Creideann na bunúsaithe, mar sin, go gcaithfidh siad féiniúlacht ar leith a mhúnlú dóibh féin a bheadh bunaithe ar an gcreideamh. Ní hionann sin is a rá, áfach, go ndearcfaidís orthu féin mar scarúnaithe. Is dóchúla dóibh a cheapadh gurb é an pobal mór a thréig an reiligiún agus na fírinní bunaidh, agus gurb iad siúd na "scarúnaithe" - ní ag lorg scarúna ón mbunphobal atá siad féin, ach is é an bunphobal a fuair scarúint agus dealú ón bhfíor-reiligiún. Mar sin, tá tuiscint na mbunúsaithe ar an saol bunaithe ar an scrioptúr naofa céanna agus tuiscint an bhunphobail, ach thairis sin, cuireann na bunúsaithe caol orthu féin rialacha a leagan amach a chuirfeadh ar a gcumas an saol nua-aimseartha a chaitheamh de réir phrionsabail an scrioptúir gan truailliú ón tsaoltacht.

Níl coimhlint na mbunúsaithe agus na nua-aoiseach teoranta don Chríostaíocht amháin. Le fírinne, is féidir coimhlintí den chineál chéanna a aithint laistigh de go leor pobal reiligiúnda eile. Sna reiligiúin eile, is é an rud atá i gceist leis an mbunúsaíochas ná gluaiseacht atá ag iarraidh an seansaol agus an fhéiniúlacht reiligiúnda a chosaint ar an gcultúr idirnáisiúnta Iartharach. Beag beann ar an reiligiún áirithe a mbaineann siad leis, creideann na bunúsaithe go bhfuil a gcath ardtábhachtach, agus cor á chur i gcinniúint na hollchruinne féin acu. Ní hamháin go bhfuil foirceadal reiligiúnda ar leith á chosaint acu, thairis sin tá siad ag féachaint lena mbealach traidisiúnta maireachtála agus le slánú an anama mar choincheap a chosaint ar an tsaoltacht agus ar an díreiligiúnú nua-aimseartha. Is é an rud a thairgeann na gluaiseachtaí bunúsaíocha do lucht a leanúna ná saol rialta i bpobal dlúth a gcuireann an creideamh a dhiansrianta féin le gach gné de. Iad siúd a fhaigheann a leithéid de shaol tarraingteach, bíonn siad den tuairim nach bhfuil fíor-bheogacht ná féiniúlacht ar leith fágtha sa saol reiligiúnda seanbhunaithe, "oifigiúil".

An sciath chosanta a thógann na bunúsaithe timpeall orthu féin, ní hamháin go bhfuil sí ceaptha leis na reiligiúin choimhthíocha a choinneáil amuigh. Tá sé chomh tábhachtach céanna, ar a laghad, an leagan "truaillithe", comhaimseartha dá gcreideamh féin a chosc. I saol na Críostaíochta, is minic a deir na bunúsaithe go bhfuil siad "athshaolaithe", gurbh iad na Críostaithe a "chreideann sa Bhíobla", murab ionann agus Protastúnaigh an "phríomhshrutha", na "nua-aoisigh", na "Liobrálaigh", nach í an Chríostaíocht ach an "Eaglastaíocht" (Béarla: Churchianity) a gcreideamh, dar leis na bunúsaithe. In Ioslam, tugtar jama'at ar na pobail bhunúsaíocha, pobail dhlútha de dhaoine atá sáite sa sítheád (jihad), is é sin, an streachailt naofa in aghaidh an chultúir Iartharaigh a chuireann faoi chois an fíor-Ioslam agus an cineál saol a d'ordaigh Dia mar dhlí, shari'ah, do na fíréin. Sa Ghiúdachas, arís, dearctar ar na Giúdaigh Haredi, nó na Giúdaigh atá "dílis don Tórá", mar bhunúsaithe. Cuireann na seicteacha seo an-bhéim ar chomh difriúil atá siadsan ó lucht leanúna na reiligiún eile, ach thairis sin, creideann siad gurb é a ndearcadh féin ar an saol an dearcadh "naofa", murab ionann agus dearcadh "saolta" an leagain oifigiúil den chreideamh. Bíonn na bunúsaithe ag fruiliú nua-earcaigh as a measc siúd a théann leis an leagan seanbhunaithe oifigiúil den chreideamh, agus iad ag áitiú orthu nach é sin an fíor-chreideamh údarásúil.

Is é tuairim a lán scoláirí go bhfuil na cineálacha éagsúla bunúsaíochais an-chosúil le chéile. Sin é an breithiúnas is dual don té a bhfuil saoldearcadh nua-aoiseach, neamhreiligiúnda nó aindiach aige féin. Mar a scríobh Peter Huff ar an iris úd International Journal on World Peace:

"De réir mar a deir Antoun, cé go bhfuil go leor difríochtaí idir an bunúsaíochas Giúdach, an bunúsaíochas Críostaí, agus an bunúsaíochas Ioslamach ó thaobh an teagaisc agus na gcleachtas de, is é an dearcadh céanna atá ag an trí chuid acu ar an saol, mar atá, go bhfágann siad an saol ar fad faoi údarás na naofachta, agus iad go léir ar an daoraí leis an dóigh a bhfuil an tsaoltacht nua-aoiseach ag dul i bhfairsinge."

Altanna Creidimh na mBunúsaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Creideann na bunúsaithe reiligiúnda gur tháinig an scrioptúr naofa go díreach ó dhia nó ó dhéithe a gcreidimh, focal ar fhocal. Tá an creideamh bunúsaíoch bunaithe ar an dá fhoirceadal gur chuir an dia nó na déithe a thoil nó a dtoil in iúl do na fáithe go cruinn, agus go bhfuil an toil sin curtha ar taifead go húdarásúil sa scrioptúr.

Ó ghlactar leis gurb é an scrioptúr briathar Dé, creideann na bunúsaithe nach bhfuil aon duine i dteideal an briathar sin a athrú, a chiall féin a bhaint as ná easaontú leis. Agus an méid sin ráite, is léir go bhfuil go leor difríochtaí idir na bunúsaithe difriúla. Mar shampla, creideann go leor bunúsaithe Críostaí sa tsaorthoil, is é sin, go bhfuil gach duine i dteideal a rogha féin a bheith aige, ach san am céanna, go bhfuil torthaí áirithe ag dul le roghanna áirithe. Tá an dearcadh taithneamhach ag a lán daoine toisc go bhfuil sé simplí: is féidir le cách an rud is mian leis a dhéanamh, ach iad siúd nach bhfuil ag urramú theagasc Dé, imreoidh Dia díoltas orthu, mura n-éirí siad as an bpeaca. Tá an méid sin soiléir ar na horduithe a thug Íosa sa Tiomna Nua i leith cheist an díoltais: "Is liomsa an díoltas, a deir an Tiarna", mar shampla. Tá creideamh na nGiúdach cosúil go leor, ach is é a ndearcadh siúd nach bhfuil sé mícheart díoltas a agairt.

An Bunúsaíochas Críostaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Iad siúd a thugann bunúsaithe Críostaí orthu féin, is dóigh leo gur cur síos cruinn é Scrioptúr Naofa na Críostaíochta ar stair an domhain agus an chine dhaonna. Is é an rud atá sa Tiomna Nua ná cúnant nua idir Dia agus an cine daonna, cúnant a chomhlíonann geallúintí an tSean-Tiomna ó thaobh an phlean de atá ag Dia slánú a thabhairt don chine dhaonna. Ó tá siad chomh muiníneach sin as an Scrioptúr, is dual dá lán Críostaithe Bunúsaíocha glacadh le himeachtaí an Scrioptúir mar lomlán na fírinne.

Is tábhachtach na dreamanna "litearthaíocha" agus na dreamanna bunúsaíocha sa chiall fhairsing a aithint thar a chéile. Mar a thugann an t-ainm le fios, creideann na "litearthóirí" gur chóir an Bíobla go léir a thuiscint focal ar fhocal. Is amhlaidh, áfach, gur aistriúcháin iad na Bíoblaí ar fad i dteangacha Eorpacha cosúil leis an mBéarla agus leis an nGaeilge, agus mar sin, ní dhéanann siad aithris focal ar fhocal ar an mbuntéacs. Mar shampla, cé go bhfuil Bíobla an Rí Séamas fileata go leor ina fhriotal, is minic a bhíonn sé sách deacair le tuiscint, agus an teanga chomh rúndiamhair agus atá. Is féidir do na litearthaithe freisin gan chreidiúint a thabhairt ach d'aon aistriúchán amháin den Bhíobla, cosúil le Bíobla an Rí Séamas. Ní mar sin a shíleann na bunúsaithe fré chéile, áfach, ach bíonn diagairí liobrálacha, mar shampla, ag milleánú na mbunúsaithe faoi léamh róliteartha ar an mBíobla.

Deir an t-antraipeolaí Lionel Caplan, agus é ag tagairt do bhunúsaithe na Stát Aontaithe:

Sa chuid Phrotastúnach de na Stáit Aontaithe, tháinig an bunúsaíochas ar an bhfód mar fhreagra ar iarrachtaí na Liobrálach an Chríostaíocht a chur in oiriúint don domhan i ndiaidh Darwin trí amhras a chaitheamh sa Scrioptúr mar fhoinse chruinn staire agus eolaíochta. Ina dhiaidh sin, samhlaíodh teoiric na héabhlóide leis an Sóisialachas, agus i mblianta an Chogaidh Fhuair, leis an gCumannachas. Glacadh leis gurb iad an trí chuid seo an tríonóid mhallaithe a bhí ag bagairt ar Mheiriceá na gCríostaithe agus ag gealladh nach mbeadh an tír i bhfad ag iompú chun aindiachais [...] Le go mbeimis in ann a thuiscint cén fáth ar éirigh chomh maith leis an Tromlach Morálta, comhghuaillíocht na hEite Deise Nua agus na mbunúsaithe in eaglaisí Baisteacha an Deiscirt, caithfidh muid an eagla seo a chur san áireamh, chomh maith leis an athrú a tháinig ar an saol le déanaí, athrú nár thaitin le cách - an dearcadh nua ar chúrsaí na moráltachta, an teaghlaigh, na gceart sibhialta agus cheart na mban. Is iomaí craiceann a chuir an tír seo di ó thaobh na heacnamaíochta de ó laethanta an Dara Cogadh Domhanda i leith, agus ba mhór an t-athrú saoil é sin do Dheisceart na Stát Aontaithe a bhí an-saor ó aon tionchar sóisialta nó cultúrtha ón taobh amuigh roimhe sin.

Is gá cuimhne a choinneáil air gurb iomaí craiceann a chuir coincheap an bhunúsaíochais de freisin i rith stair na Críostaíochta sna Stáit Aontaithe ó tháinig The Fundamentals i gcló. Iad siúd a bhí ina "mbunúsaithe" de réir na tuisceana comhaimseartha nuair a foilsíodh an tsraith leabhar sin, is iomaí duine acu nach dtabharfaí bunúsaí air inniu ar aon nós, cosúil le John Gresham Machen nó Benjamin Breckinridge Warfield.

An bunúsaíochas Críostaí mar a thuigtear an téarma inniu, is í is príomhghné di ná an scarúnachas sóisialta - an iarracht a dhéanann na bunúsaithe an tsochaí nua-aimseartha a ruaigeadh as a saol féin go hiomlán. I measc na rudaí a sheachnaíonn na bunúsaithe nó cuid acu, tá, mar shampla, aistriúcháin nua-aimseartha Bhíobla; biotáille agus drugaí; tobac; ceol nua-aimseartha (ceol nua-aimseartha Críostaí san áireamh ag a lán bunúsaithe); úsáid na n-ionstraimí ceoil sa teampall; damhsa; fir agus mná ag dul ag snámh in éineacht; éadaí nach dtaispeánann go soiléir cé acu bean nó fear atá ann; agus éadaí a thaispeánann go róshoiléir é.

Bunúsaíochas Giúdach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunúsaíochas Ioslamach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. ""bunúsaíochas"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-10-20.
  2. Mater Dei (2007). "Clár 'Briathar'". web.archive.org. Dáta rochtana: 2021-10-20.
  3. ""bunúsaíoch"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-10-20.